Pierre-Émile Martin
innealtóir Francach
Miotaleolaí a rugadh i mBourges na Fraince ab ea Pierre-Émile Martin (18 Lúnasa 1824 – 23 Bealtaine 1915). Agus é ag obair i dteilgcheárta cruach a athar, shaothraigh sé bealach nua le cruach a tháirgeadh i bhfoirnéis teallaigh oscailte, ag baint feidhm as próiseas athghiniúna teasa a thug comhlacht Siemens isteach. Bhuaigh táirgí phróiseas seo Siemens-Martin an bonn óir ag Taispeántas Pháras i 1867. Ina dhiaidh sin, bhí an fhoirnéis teallaigh oscailte ar phríomhfhoinse cruach an Domhain.
Pierre-Émile Martin | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
1855 - 1874 | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Pierre Blaise Martin | ||
Eolas breithe | Bourges, 17 Lúnasa 1824 | ||
Náisiúntacht | An Fhrainc | ||
Bás | Fourchambault, 19 Bealtaine 1915 | ||
Muintir | |||
Athair | Émile Martin | ||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater | École nationale supérieure des mines de Paris | ||
Teangacha | an Fhraincis | ||
Gairm | |||
Gairm | innealtóir agus tionsclaí | ||
Áit oibre | Angoulême | ||
Duaiseanna | |||
Ballraíocht | Cercle des chemins de fer |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |