Piolaineifríteas
Athlasadh baictéarach an duáin a tharlaíonn ag an am céanna le hionfhabhtú na conaire úiríní íochtaraí (an lamhnán, mar shampla). Sroicheann an t-ionfhabhtú an duán trí theacht aníos na n-úiréadraí, agus cabhraíonn lot a chuireann bac ar shaorshreabhadh an fhuail, cosúil le clocha úiríneacha nó borradh na faireoige próstataí. Mar thoradh ar an ionfhabhtú seo fulaingíonn duine fiabhras ard is pian sa droim, agus bíonn gá aige le cóireáil leis na frithbheathaigh chuí: muna ndéantar sin is féidir go gclisfidh na duáin.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |