Pobal seachas Brabús

páirtí polaitíochta Éireannach
(Athsheolta ó Pobal Roimh Bhrabús)

Is páirtí polaitiúil Éireannach é Pobal seachas Brabúsan Comhaontas Pobal seachas Brabús uaireanta.[1][2] Tá sé comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann, a cuireadh ar bun i nDeireadh Fómhair na bliana 2005. Comhghuaillíocht ghinearálta chlé atá ann, atá i gcoinne an nua-liobrálachais, na cogaíochta ach níl ar bhaill bheith ina Marxaigh. Ar na baill tá Richard Boyd Barrett.

Bosca Sonraí EagraíochtaPobal seachas Brabús
Sonraí
Ainm gearrPBP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaan sóisialachas
Trotscaíochas
Eoraisceipteach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhDeireadh Fómhair 2005
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.pbp.ie
Twitter: pb4p Cuir in eagar ar Wikidata

Conspóidí

cuir in eagar

Tharla aighneas sa Dáil i mí na Bealtaine 2024 le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal seachas Brabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.[3] Chocáil Seán Fleming, Fianna Fáil, a mhéar le Teachtaí Dála Phobal seachas Brabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.[4]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. tearma.ie. ""An Comhaontas Pobal seachas Brabús"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-06-05.
  2. Uaireanta tugtar Pobal roimh Bhrabús nó fiú Daoine roimh Bhrabús ar an bpáirtí. Béarla: People Before ProfitPeople Before Profit Alliance uaireanta. Is é "People Before Profit " atá curtha in iúl ar an suíomh pbp.ie
  3. De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.
  4. Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE).