De ghnáth, is éard is défheinil pholaclóirínithe[1] ann ná meascán comhdhúl ina malartaítear adaimh chlóirín ar adaimh hidrigine i ndéfheinil, C12H10 (móilín ina bhfuil dhá ghrúpa feinile nasctha le chéile). Tugtar DPCanna orthu (nó PCBs i mBéarla). Móilíní an-chobhsaí is ea iad, ionas gur ábhair an-mhaithe lasairmhoillitheacha is leictrinslitheacha iad. Ach nuair a dhíghrádaíonn siad faoi dheireadh, bíonn táirgí an díghrádaithe tocsaineach. I 1999 fuarthas dé-oscain is DPCanna i mbianna d'ainmhithe, ag leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bheadh sábháilte. Tharla eachtra mar seo in Éirinn maidir le cothú muc i 2008: truaillíodh an-chuid muiceola in Éirinn is go hidirnáisiúnta, agus rinneadh an-damáiste do thionscal na muiceola. Is amhlaidh a charnann DPCanna, cosúil le dé-ocsain, i saill na colainne agus a fheidhmíonn mar nimhiú mall.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.