Próifiliú ADN
Is éard atá i bpróifíliú ADN (ar a dtugtar méarlorgaireacht ADN agus méarlorgaireacht ghéiniteach freisin) ann ná an próiseas lena gcinntear saintréithe aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) duine.
Tugtar barrachódú ADN ar anailís ADN atá ceaptha chun speiceas a aithint, seachas duine aonair.Bara - chódú ADN a thugtar ar anailís ADN atá beartaithe chun speiceas a aithint, seachas duine aonair.
Is teicníc seanbhunaithe í an mhéarlorgaireacht ghéiniteach le ADN daoine aonair a anailísiú agus a chur i gcomparáid. Is modh amháin iad na céimeanna seo a leanas le méarlorg (próifíl) géiniteach a tháirgeadh:
- Úsáidtear einsímí gearrtha le sampla ADN (a d’fhéadfaí a bheith aimplithe le húsáid imoibriú slabhrúil polaiméaráise (ISP) (PCR)) a ghearradh ina mbloghanna níos lú.
- Cuirtear na bloghanna le glóthach agaróis agus déantar iad a dheighilt de réir méide agus leictreafóiréis le glóthach in úsáid.
- Déantar an ADN sa ghlóthach aondualach agus cóipeáiltear é ar leathán nítriceallalóis.
- Cuirtear tóireadóirí ADN lipéadaithe leis an phláta agus nascann trí phéirí de bhunanna comhlántacha.
- Baintear úsáid as córas braite le hamharcléiriú a dhéanamh ar an áit ar tharla nascadh na dtóireadóirí, ag úsáid an lipéid.
Faoi láthair, seachas an géanóm ina iomlán a fhiosrú, aimplítear cuid de na codanna is inathraithe (ina bhfuil marcóirí MRS) le himoibriú slabhrúil polaiméaráise (ISP) agus ansin déantar iad a anailísiú leis na céimeanna thuas.
Alec Jeffreys (1950 -) an teicníocht ar dtús sa Bhreatain. Glactar leis go bhfuil próifil DNA duine chomh sainiúil dó is a mhéarloirg, leis an dóchúlacht staitistiúil go mbeidh an phróifil chéanna ag beirt (nach leathchúplaí comhionanna iad) timpeall seans amháin i míle milliún milliún (1015). Faightear DNA i bhfuil, sreabháin, agus fíocháin eile na colainne (mar shampla, seamhan, sreabhán faighneach, gruaig, craiceann, ionga méire). Ní mór an DNA a aonrú ó shampla le heinsímí is teicníochtaí éagsúla bithcheimiceacha chun an phróifil a tháirgeadh. Is féidir próifilí a chur i gcomparáid ansin. Is iontaofa an phróiseáil bhithcheimiceach seo, agus má bhíonn cinnteacht faoi fhoinsí na samplaí bunúsacha sa tástáil, is cumasach an teicníocht aitheanta is ionannaithe í.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próifiliú DNA". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 538.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |