Puifín

speiceas éan
(Athsheolta ó Puifíní)

Is éan mara é an puifín, nó an t-éan dearg.[1] Tá ceithre speiceas ann (trí cinn atá beo) sa ghéineas Fratercula, laistigh den fhine Alcidae (na falcóga). An gob mór domhain ildaite. Itheann sé éisc óga is corra gainimh, agus neadaíonn i dtochailt nó scoilt carraige.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPuifín
Fratercula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineAlcidae
GéineasFratercula Cuir in eagar ar Wikidata
Brisson, 1760

Tá puifíní le fáil ar fud an Atlantaigh Thuaidh. Póraíonn an puifín Atlantach i Québec, an Íoslainn, an Iorua, an Ghraonlainn, Talamh an Éisc agus Labradar, Albain Nua agus Oileáin Fharó, agus chomh fada ó dheas le Maine san iarthar agus sa Fhrainc san oirthear. Tá laghdú suntasach tagtha ar an daonra, b’fhéidir mar gheall ar laghdú i líon na n-eascanna gainimh. In Éirinn, tá siad le fáil ar an gcósta thiar agus thuaidh. Phóraigh siad níos fairsinge roimhe seo. Itheadh puifíní ar na Blascaodaí sna seanlaethanta.[3]

Speicis bheo cuir in eagar

Extant species cuir in eagar

Speicis
Ainm Pictiúr
Puifín Atlantach
(Fratercula arctica)
 
Puifín adharcach
(Fratercula corniculata)
 
Puifín cuircíneach
(Fratercula cirrhata)
 

Féach freisin cuir in eagar

Oileán Caorach

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Fratercula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Puifín". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
  3. Ni Ghuithin, Maire (1986). "Bean an Oileain".