Stroighin a dhéantar as púdar mín cailce nó luaidhe bhán, measctha le hola rois. Úsáidtear é chun adhmad a líonadh is gloine a dhaingniú i bhfráma. Cruann sé go mall nuair a nochtar don aer é. Is púdar mín ocsaíd stáin é púdar seodora (puití seodora) a úsáidtear chun snas a chur ar ghloine is eibhear.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Puití". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.