Tugtar Ré na Taiscéalaíochta ar an tréimhse ón chéad leath den chúigiú haois déag go dtí an chéad leath den tseachtú haois déag. Sa tréimhse seo, bhí longa na hEorpa ag taisteal timpeall an domhain ar lorg bealaí agus comhpháirtithe nua trádála leis an gcaipitleachas a choinneáil ag imeacht san Eoraip. Agus an obair idir lámhaibh acu, casadh náisiúin nua ar na hEorpaigh, agus mhapáil siad tíortha nach raibh siad eolach orthu roimhe sin. I measc thaiscéalaithe móra na linne, ní mór na hainmneacha seo leanas a lua: Críostóir Colóim, Vasco da Gama, Pedro Álvares Cabral, John Cabot, Yermak Timofeyevich, Juan Ponce de León, Bartolomeu Dias, Fernão de Magalhães, Willem Barentsz, Abel Tasman, Jacques Cartier, Samuel de Champlain, Willem Jansz, agus an Captaen James Cook.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRé na Fionnachtana
Íomhá
Cineálage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse13 haois - 18 haois


Ré na Fionnachtana

Ní fhéadfaí na turais taiscéalaíochta a dhéanamh ná na fionnachtana a dhéanamh in uireasa na nuálacha teicneolaíochta agus smaointeachais a fáisceadh as an Renaissance. Bhí forbairt mhór déanta ar an léarscáilíocht, ar an loingseoireacht, ar na hairm thine agus ar an longcheártaíocht. Theastaigh óna lán daoine bealach a aimsiú ó Iarthar na hEorpa go dtí an Áise. Ansin, forbraíodh longa de chineálacha nua, an carrac[1] agus an carbhal[2], san Ibéir. Tháinig na haireagáin seo ar an bhfód de thoradh na teagmhála idir dearaí Eorpacha na Meánaoiseanna agus na cineálacha long a bhí ag na hArabaigh. Roimh na carracanna agus na carbhail, ní raibh longa ann a d'fhéadfadh seoltóireacht a dhéanamh thar an Atlantach go sábháilte.

Cúlra cuir in eagar

Nuair a tháinig an chéad charrac agus an chéad charabhal in úsáid, thosaigh na hEorpaigh ag caint ar iontais an Chian-Oirthir arís. Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal, áfach, cén fáth, i ndiaidh an iomláin, ar thosaigh an taiscéalaíocht, dháiríre. Creideann na monataraithe, thar aon dream eile, gurbh é an géar-easnamh óir agus airgid ghil a shocraigh an scéal. Bhí córas eacnamaíoch na hEorpa ag brath ar an ór agus ar an airgead geal. Ach nuair nach raibh an buillean ar fáil sách flúirseach, d'fhan cuid mhór de na tíortha Eorpacha in abar leis an ngéarchéim eacnamaíoch.

Cúis eile ab ea go raibh Críostaithe Leithinis na hIbéire sáite i síorchogaíocht leis na Moslamaigh leis na céadta bliain. Bhí Críostaithe na hIbéire géarbharúlach nach dtiocfaidís slán as sin ach a bheith ábalta cliathán na stát Moslamach i dTuaisceart na hAfraice a scoitheadh. San am céanna, bhí go leor foghlamtha ag na hIbéaraigh óna gcuid comharsana Arabacha. Bhí an carrac agus an carbhal feistithe leis an seol laidineach, aireagán Arabach a rinne na longa ní b'fhusa le stiúradh. Rud eile fós, b'ó na hArabaigh a fuair na hEorpaigh an chéad radharc ar thorthaí na sean-tíreolaithe Gréagacha le fada, agus ansin, tháinig tuiscint nua acu ar chosúlacht na hAfraice agus na hÁise.

Taiscéalaíocht ar Tír cuir in eagar

 
Ptolemy ː Cosmographia sa bhliain 1467

Sular thosaigh Ré na Fionnachtana, bhí taiscéalaithe Eorpacha ann a thrasnaigh an Eoráise faoi dheireadh na Meánaoiseanna. Cé gur bhagair na Mongólaigh ródach ar an Eoraip, b'iad ba mhó a nasc an Eoráise le chéile, agus an gréasán de bhealaí móra agus línte cumarsáide a chruthaigh siad ag síneadh ón Meán-Oirthear go dtí an tSín féin. Ghlac Eorpaigh áirithe buntáiste ar na bealaí seo le turas a thabhairt ar thíortha an Oirthir, Iodálaigh ba mhó, ó b'iad na cathairstáit Iodálacha a bhí i gceannas ar an trádáil idir an Eoraip agus an Meán-Oirthear. An caidreamh dlúth a bhí acu le hOirthear na Meánmhara, chothaigh sé fiosracht ina measc, ar chúiseanna tráchtála freisin, i leith an Oirthir. Thairis sin, theastaigh ón bPápa iompaithigh nua a fháil sna tíortha coimhthíocha, sin nó teacht i dteagmháil le Seán Sagart, an rí a raibh na scéalta móra á n-insint faoi.

Bhí Giovanni de Plano Carpini ar an chéad taistealaí den chineál seo. Thug sé turas ar an Mongóil sna blianta 1244-1247. Chuala an saol ar fad iomrá ar thuras Marco Polo, áfach. Thaistil seisean an Cian-Oirthear sna blianta 1271-1295. Chuir sé a chuid eachtraí i míotar, agus chuaigh an scéal ar fud na hEorpa.

Thóg sé tamall ama sular thosaigh torthaí na turas seo ag imirt a dtionchair ar shaol na hEorpa. Thit an tóin as Impireacht na Mongólach go gairid i ndiaidh di teacht ar an bhfód, agus d'éirigh bealach mór an Oirthir ní ba dainséaraí arís. Sa cheathrú haois déag, rinne an Phlá Mhór praiseach den trádáil agus den chaidreamh idirnáisiúnta go léir. Bhí an bealach tíre rófhada agus ró-aistreánach le tráchtáil éadálach a cheadú, agus bhí sé faoi shúil na Moslamach, a raibh cogaí móra curtha acu ar na hEorpaigh, ionas nach raibh mórán muiníne acu siúd astu, ná a mhalairt. Ansin, tháinig Impireacht nua Ioslamach ar an bhfód, is é sin, an Impireacht Otamánach, agus í meáite ar ghabháltais a dhéanamh, rud a bhain tuilleadh de sheansanna trádála na nEorpach san Oirthear.

Bhí iarrachtaí den chineál chéanna ar siúl sa tSín freisin. Sna blianta 1405-1433, thug loingeas an aimiréil mhóir Shínigh, Zheng He, seacht dturas ar fud an Aigéin Indiaigh. Níor thosaigh an tSín ag bunú coilíneachtaí impiriúla sna tíortha cúil, áfach, agus mar sin, ní raibh impireacht dhomhanda ag na Sínigh riamh.

An Phortaingéil ag cromadh ar an taiscéalaíocht cuir in eagar

B'é an Prionsa Annraoi Loingseoir a chuir tús leis an chéad mhórbhabhta taiscéalaíochta sa Phortaingéil.[3]

Tháinig na mairnéalaigh Phortaingéalacha ar Oileáin Mhaidéara sa bhliain 1419, agus sa bhliain 1427, casadh Oileáin Azores orthu. Iompaíodh an dá oileánra seo ina gcoilíneachtaí Portaingéalacha.

B'é cósta thiar na hAfraice an chloch ba mhó ar phaidrín Annraoi, áfach. Leis na cianta cairbreacha, ní fhéadfá trádáil a dhéanamh le hIarthar na hAfraice ach turas a dhéanamh trasna na Sahára. B'é oighear an scéil sin go raibh na bealaí tríd an tSahára faoi smacht na stát Moslamacha i dTuaisceart na hAfraice, arbh iad seanchéilí iomaíochta na Portaingéile iad. Bhí na Portaingéalaigh ag iarraidh teacht timpeall na Moslamach agus a gcuid trádála a dhéanamh bealach na farraige. Bhí siad dóchasach, freisin, go bhfaigheadh siad stáit Chríostaí taobh theas den tSahára, stáit a bheadh ina gcomhghuaillithe acu in éadan na Moslamach. Bhí na loingseoirí Portaingéalacha in ann teacht ar aghaidh beag ar bheag, agus iad ag ascnamh cúpla míle ó dheas in aghaidh na bliana.

Sa bhliain 1434, tháinig siad thart le Rinn Bojador. Roimh imeacht an chéad scór bliain eile, bhí trádáil bheoga óir agus sclábhaithe ar obair ag na Portaingéalaigh leis na críocha san áit a bhfuil an tSeineagáil inniu. Bhí na cúrsaí ag dul ar aghaidh go sciobtha, nó tógadh daingin trádála in Elmina, agus thosaigh São Tomé e Príncipe ag táirgiú siúcra roimh aon choilíneacht eile. Sa bhliain 1482, chuaigh fórsa sluaíochta faoi cheannas Diogo Cão i dteagmháil le Ríocht an Chongó. Tháinig an briseadh mór sa bhliain 1487, nuair a sheol Bartolomeu Dias timpeall Cheann an Dóchais, ar ar bhaist sé an t-ainm sin, freisin. Ansin, thaispeáin sé go raibh sé indéanta an tAigéan Indiach a bhaint amach an bealach seo. Sa bhliain 1498, chuir Vasco da Gama beart leis an mbriathar, nuair a shroich sé an India.

Gabháltas Eorpach ar Mheiriceá cuir in eagar

Bhí an Chaistíl, céile iomaíochta na Portaingéile, sách mall ag cromadh ar an taiscéalaíocht, agus níor thosaigh na mairnéalaigh Chaistíleacha ag éirí inchomórtais leis na Portaingéalaigh roimh an leath dheiridh den chúigiú haois déag. B'iad na hOileáin Chanáracha an chéad chnámh spairne idir an dá thír, agus b'iad na Caistíligh a ghabh iad sa deireadh. Níor dhírigh an Chaistíl, nó an Spáinn, i gceart ar chúrsaí an choilíneachais agus na taiscéalaíochta sula raibh Leithinis na hIbéire athghafa ó na Moslamaigh ina hiomláine, agus an Chaistíl agus an Aragóin nasctha le chéile. Sa bhliain 1492 fuair an dá thír an ceann ab fhearr ar ríocht Moslamach Ghranada, agus ansin, chinn an lánúin ríoga sluaíocht Chríostóir Colambas a mhaoiniú, le súil is go n-éireodh le Colambas an Áise a shroicheadh beag beann ar na Portaingéalaigh. B'amhlaidh go raibh smacht ag na Portaingéalaigh anois ar an mbealach go dtí an Áise timpeall na hAfraice, agus ní ligfidís siúd d'aon duine an bealach sin a úsáid gan deachú éigin a ghearradh air.

Níor bhain Colambas an Áise amach. Tháinig sé trasna ar rud ab fhearr ná sin, is é sin, an tOileán Úr, Meiriceá. Sa bhliain 1500, chuaigh an loingseoir Portaingéalach i dtír in áit eile san Oileán Úr, an Bhrasaíl. Anois, bhí sé tábhachtach limistéir chumhachta an dá ríocht Ibéaracha a shainiú agus críochadóireacht a dhéanamh eatarthu. B'é an Pápa a shocraigh an scéal sin, nó rinne sé idirghabháil idir an Spáinn agus an Phortaingéil, agus dá thoradh sin, shínigh na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh conradh le chéile, Conradh Tordesillas. D'fhág an Conradh an Afraic, an Áise agus cuid bheag de Mheiriceá Theas - an chuid ab fhaide soir de Bhrasaíl an lae inniu - ag na Portaingéalaigh, agus bronnadh an chuid ba mhó de Mheiriceá ar na Spáinnigh. Ar ndóigh, ní raibh a fhios ag aon duine go fóill an chuid ba mhó de na críocha seo a bheith ann ar aon nós. Go bunúsach, rith líne Tordesillas aduaidh ó theas, 370 léig (1550 ciliméadar) siar ó Oileáin Cabo Verde.

I dtús báire, bhí Colóim agus na taiscéalaithe Spáinneacha sách míshásta leis na gabháltais a rinne siad. Murab ionann agus an Afraic agus an Áise, ní raibh mórán tráchtearraí le fáil sna hoileáin Chairibeacha. Mar sin, b'fhearr leo na hoileáin a thabhairt chun míntíreachais agus a choilíniú. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na Spáinnigh ag taiscéaladh na hilchríche Meiriceánaí féin, agus b'ansin a fuair siad luach a saothair, flúirse mhillteanach óir. I Meiriceá, thuaidh agus theas, casadh ar na Spáinnigh impireachtaí a bhí chomh mór, chomh saibhir i ndaonra agus na himpireachtaí san Eoraip féin. Mar sin féin, bhí baiclí beaga de chonquistadores Spáinneacha ábalta na himpireachtaí seo a chloí. Is minic, áfach, a fuair siad cuidiú agus cabhair ó shluaite móra de chomhghuaillithe bundúchasacha, go háirithe ó threibheacha a bhí á dtroid nó á gcoinneáil faoi dhaorsmacht ag na himpireachtaí. B'iad na himpireachtaí ba nótáilte den chineál seo ná Impireacht na nAstacach san áit a bhfuil Meicsiceo inniu, agus Impireacht na nInceach, nó Tawantinsuyu, Tír na gCeithre gCeathrún, san áit a bhfuil Peiriú agus Eacuadór inniu. B'é Hernán Cortés a d'fhorghabh Ríocht na nAstacach sa bhliain 1521, agus b'é Francisco Pizarro a bhí i gceannas ar na Spáinnigh a rinne gabháltas ar Tawantinsuyu. I ndiaidh an ghabháltais, rinne galair na hEorpa sléacht mór ar an daonra áitiúil. I gcás amháin ar a laghad, chuidigh galar den chineál sin leis na hEorpaigh sular bhain siad an áit amach iad féin. Nó dealraíonn sé gur mharaigh an bholgach Huayna Capac, impire na nInceach, go gairid roimh theacht Pizarro. Nuair a shroich na Spáinnigh an impireacht, bhí beirt mhac Huayna Capac, Atahualpa agus Huascar, sáite i gcogadh cathartha in aghaidh a chéile, rud a d'fhág an stát chomh lag is nach raibh seasamh ann in aghaidh scéimeanna na Spáinneach. Dá mb'é Huayna Capac agus an impireacht aontaithe a chasfaí ar Pizarro, bheadh cuma eile ar fad ar stair Mheiriceá Theas, is féidir.

Nuair a bhí forlámhas na Spáinne curtha i bhfeidhm ar na himpireachtaí seo, b'iad an t-ór agus an t-airgead geal na clocha ba mhó ar phaidrín na Spáinneach, idir mhianadóireacht agus easpórtáil. Na deilbhíní iontacha óir nó airgid a bhí saoirsithe ag na healaíontóirí bundúchasacha, chuaigh siad ar fad sa slige, agus rinneadh barraí miotail díobh.

Sa bhliain 1519, an bhliain chéanna a ndeachaigh arm Cortez i dtír i Meicsiceo, bhronn coróin na Spáinne luach a thurais ar Fernão de Magalhães ón bPortaingéil. B'é an cuspóir a bhí leis an turas seo ná seoladh siar le bealach nua farraige go dtí Oileáin na Spíosraí a aimsiú agus cuid na Spáinne a dhéanamh díobh. Bhí rath as cuimse ar an turas áirithe seo, nó b'é an chéad turas timpeall an Domhain é.

Imeacht na monaplachta Portaingéalaí cuir in eagar

 
Léarscáil Cantino, a thaispeánann na críocha a bhí faighte ag na Portaingéalaigh agus ag na Spáinnigh. Léarscáil rúnda a bhí ann—ainmníodh é i ndiaidh an taidhleoir Iodálach a smuigleáil é sa bhliain 1502 go dtí an Iodáil agus an saol mór.

Cé go raibh na Spáinnigh ag éirí bagrach mar chéilí iomaíochta, níor lagaigh ar na Portaingéalaigh ar aon nós i gcúrsaí na taiscéalaíochta agus na coilínigh.

B'iadsan an chéad dream Iartharach a tháinig a fhad leis an tSeapáin agus a bhí ábalta trádáil a dhéanamh leis an tír sin. Nuair a bhí an Rí Manuel a hAon ag rialú na Portaingéile, chrom na Portaingéalaigh ar mhodh nua oibre lena ngreim a choinneáil ar na tíortha a raibh éileamh acu orthu.

Thóg siad sraith de dhúnta daingne a cheadaigh dóibh smacht a choinneáil ar bhealaí tábhachtacha trádála an Oirthir ar fad. Mar sin, bhunaigh siad dúnta agus coilíneachtaí ar Chósta an Óir, i Luanda, Mósaimbíc, Zanzibar, Mombasa, Socotra, Ormuz, Calcúta, Goa, Bombay, Malaca, Macau, agus Timor. Bhí na Portaingéalaigh ag rialú na Brasaíle chomh maith, a bhí aimsithe ag Pedro Álvares Cabral sa bhliain 1500. De réir Chonradh Tordesillas, bhí na Portaingéalaigh i dteideal na Brasaíle ar fad, dar leis an bPápa ar a laghad.

Fuair na Portaingéalaigh deacair a n-impireacht a fhairsingiú isteach i ndoimhneacht na hilchríche, agus b'fhearr leo fanacht cois farraige. Thar na blianta, tháinig chun solais go raibh an Phortaingéil róbheag, mar thír, lena leithéid de mhórfhiontar a bhainistiú. Na dúnta Portaingéalacha ar fud an domhain, bhí siad i síor-anás daoine agus trealaimh.

Ní raibh an Phortaingéil in ann dul in iomaíocht leis na cumhachtaí ní ba láidre a bhí ag cúngú isteach ar a cuid gabháltaisí. Mar sin, bhí port na monaplachta Portaingéalaí seinnte i stair na trádála Oirthearaí. B'iad na taiscéalaithe Ollannacha, Francacha agus Sasanacha a chuir deireadh leis, ó ba chuma leosan faoin dóigh a raibh an domhan roinnte ag an bPápa.

Sa bhliain 1580, tháinig Pilib a Dó, rí na Spáinne, i gcomharbas ar Sebastião, rí na Portaingéile, a fuair bás gan ríchomharba a fhágáil ina dhiaidh. Mar sin, tháinig Impireachtaí na Portaingéile agus na Spáinne le chéile faoi aon choróin amháin. An chomh-impireacht a tháinig ar an bhfód mar sin, bhí sí chomh mór is nárbh fhéidir a leithéid a choinneáil le chéile gan na cumhachtaí eile a bheith ag tabhairt a dúshláin.

Le maolú ar dheacrachtaí den chineál sin, tugadh cuid de na tailte Portaingéalacha suas. Mar shampla, nuair a phós Séarlas a Dó, rí Shasana, an banphrionsa Portaingéalach Catarina Henriqueta de Bragança, fuair sé Bombay mar chuid den spré a bhí ag dul leis an mbanphrionsa. Choinnigh an Phortaingéil an chuid dá coilíneachtaí a bhí faoi smacht dian aici, go háirithe Macau, Timor Thoir, Goa, Angola, Mósaimbic, agus an Bhrasaíl. D'fhéach na hOllannaigh leis an mBrasaíl a shealbhú, agus tráth, bhí leath na tíre forghafa acu, ach b'éigean dóibh bailiú leo sa deireadh.

Tuaisceart na hEorpa ag cur a ladair sa scéal cuir in eagar

Níor thug na náisiúin taobh amuigh de Leithinis na hIbéire aird ar bith ar Chonradh Tordesillas. Bhí a dtraidisiún mairnéalachta féin ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag Sasana, agus cé go ndearna na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh a ndícheall leis na teicneolaíochtaí nua agus na mapaí a choinneáil acu féin, ní raibh siad i bhfad ag teacht a fhad leis na tíortha eile.

B'é an tIodálach Giovanni Cabotto, a bhaist John Cabot air féin as Béarla, a bhí i gceannas ar an chéad sluaíocht fionnachtana de chuid na Sasanach. Ina dhiaidh sin, chuaigh a lán misean eile ón bhFrainc agus ó Shasana go dtí an tOileán Úr le haithne a fháil ar Mheiriceá Thuaidh, an chuid den ilchríoch nua nár chuir na Spáinnigh mórán suime inti. Ní raibh ór le fáil ansin, a shíl siad, agus iad díreach ag creachadh shaibhreas Mheiriceá Theas.

Sa bhliain 1525, thug Giovanni da Verrazzano an chéad chuairt ar an áit a bhfuil Cósta Thoir na Stát Aontaithe inniu. Bhí Cabot, Jacques Cartier (a chuaigh go Meiriceá an chéad uair sa bhliain 1534) agus fionnachtaithe eile na linne ag iarraidh an Bealach Siar ó Thuaidh a aimsiú, is é sin, an bealach a thabharfadh a fhad le saibhris na hÁise iad. Níor aimsigh siad an Bealach Siar ó Thuaidh riamh, ach ar a gcamchuairt, fuair siad amach faoi bhealaí seoltóireachta eile. Sa chéad leath den tseachtú haois déag, thosaigh coilínigh ó Thuaisceart na hEorpa ag cur fúthu ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh.

B'iad muintir an Tuaiscirt a chuaigh in iomaíocht leis na Portaingéalaigh san Afraic agus timpeall an Aigéin Indiaigh freisin. Thosaigh longa ón Ísiltír, ón bhFrainc agus ó Shasana ag cúngú ar mhonaplacht na bPortaingéalach agus ag bunú stáisiúin trádála agus coilíneachtaí dá gcuid féin. De réir a chéile, bhí sciar na Spáinneach agus na bPortaingéalach den mhargadh agus de na tailte féin ag dul i laghad, agus an mhuintir isteach á bhfódú díreach ina dtimpeall - mar shampla, bhí Hong Cong suite go dlúth in aice le Macau. B'iad na Tuaisceartaigh freisin a bhí chun tosaigh ag léarscáiliú a raibh fágtha den Aigéan Chiúin agus de chósta thiar Mheiriceá Thuaidh, ar an taobh Spáinneach den líne críochadóireachta a bhí leagtha amach i gConradh Tordesillas. Rinne na fionnachtaithe Ollannacha Willem Jansz agus Abel Tasman an chéad taighde ar chóstaí na hAstráile, ach b'é an Sasanach James Cook a mhapáil an chuid ba mhó den Polainéise.

Deireadh Ré na Fionnachtana cuir in eagar

Glactar leis go coitianta gur tháinig deireadh le Ré na Fionnachtana i dtús na seachtú haoise déag. Faoin am sin, bhí longa na nEorpach chomh daingean agus a gcuid loingseoirí sách oilte agus sách eolach le dul in aon áit ba rogha leo ar dhroim an domhain. Ar ndóigh, bhí obair na fionnachtana ag dul ar aghaidh i gcónaí. Ní dhearnadh an chéad suirbhéireacht ar chósta thoir na hAstráile roimh an mbliain 1770, ná ar na farraigí Artacha ná Antartacha roimh an naoú haois déag.

Thóg sé i bhfad ní ba mhó ama freisin éirí eolach ar an taobh istigh de na hilchríocha. Níor tháinig an chéad Eorpach go domhain isteach i mór-roinn na hAfraice ach sa dara leath den naoú haois déag. B'iad na príomhchúiseanna leis an moilleadóireacht seo ná nach raibh súil ag na hEorpaigh go mbeadh mórán maithe ann le haghaidh trádála, ná mórán foinn orthu dul sa seans leis na galair shotholgtha a bhí ag rith damhsa san Afraic.

Thairis sin, bhí Tuaisceart na hAfraice á rialú ag na Turcaigh nach raibh sásta cead a chos a fhágáil ag an bhfionnachtaí Eorpach ar a dtailte féin.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""carrac"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  2. ""carbhal"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  3. Mairéad Ní Nuadháin (2023-06-16). "An prionsa Afracach a mhínigh don Phápa nach nós Críostaí a bhí sa sclábhaíocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-18.