Réalteolaíocht infridhearg

Staidéar ar réada neamhaí de réir a radaíochta sa raon tonnfhad 1,000 nm - 1 mm. Cuireann ionsú tonnfhad sa raon seo ag galuisce san atmaisféar isteach ar an obair seo. Réitítear cuid de na fadhbanna seo le réadlanna arda, cosúil leis an réadlann ar shliabh Mauna Kea ag airde 4,000 m, nó teileascóp atá fuaraithe go crióigéineach ar spásárthach. Astaíonn cuid mhaith réad an chuid is mó dá radaíocht sa raon infridhearg. Tá an réalteolaíocht seo tagtha chun cinn ó thaobh tábhachta de trí fhorbairt na n-eagarbhrathadóirí íomháithe don infridhearg.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht infridhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 553.