Osclóidh seo an príomhroghchlár
Róihinsí
Rohingya displaced Muslims 031.jpg

Is grúpa eitneach Áiseach agus pobal Moslamach iad na Róihinsí (Rohingya). Is í Róihinsis a bpríomhtheanga.[1] Tá a dteanga agus a gcultúr féin acu agus tá siad lonnaithe i stát Rakhine in iarthar na tíre, Maenmar. Bhí milliún acu ann roimh 2017.

Cearta DaonnaCuir in Eagar

Is é an Búdachas príomhchreideamh Mhaenmar. Is Moslamaigh iad na Róihinsí agus bíonn nimh san fheoil idir an dá phobal.[2]

De réir na Náisiún Aontaithe, tá na Róihinsí ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Níl cead vótála ag na Róihinsí agus níl saoránacht na tíre acu.

StairCuir in Eagar

 
Léarscáil, stát Rakhine in iarthar na tíre

Sa bhliain 2000, scaoileadh James Mawdsley saor as príosún i Maenmar, an gníomhaí cearta daonna, maidir le muintir Róihinse srl.

Sa bhliain 2017, theith na céadta míle Róihinse, a raibh géarleanúint á déanamh orthu i Maenmar, thar teorainn go dtí an Bhanglaidéis. Gach lá sa bhliain sin, bhí na mílte acu ag teacht ar an Bhanglaidéis mar theifigh. Cuireadh glanadh eitneach i leith arm Mhaenmar .

Ceaptar gur cuireadh ar a laghad 10 000 díobh chun báis. Le linn na tréimhse seo, d'fhág 700 000 duine tar éis an tír, agus leathmhíle díobh siúd ina leanaí[3].

Cáineadh ceannaire de facto na tíre Aung San Suu Kyi go géar toisc nach ndearna sí tada chun na Róihinsí a chosc[4].

 
Na Róihinsí sa bhlaiin 2017 (Rohingya)

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Muintir Rohingya" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  2. Irish Independent (13 MF 2017). "Cé hiad an pobal Róihinse?". Dáta rochtana: 2018.
  3. Seán Kelly (2018). "www.europarl.europa.eu". Dáta rochtana: 2018.
  4. https://tuairisc.ie/nuacht-idirnaisiunta-ni-raibh-si-ainnis-ar-fad-ach-bhi-si-sach-granna-suil-siar-ar-2017/