Radaiméadracht
Is éard is radaiméadracht[1] ann ná tomhas fuinnimh leictreamaighnéadaigh radaithe, radaíocht infridhearg go háirithe. Is í an chumhacht radanta (Φ, in aonaid W) an chumhacht iomlán a astaíonn an fhoinse. Is í an déine radanta an chumhacht radanta in aghaidh aonad na huillinne soladaí (I, i W sr-1), agus is áisiúil an t-airí seo i gcás foinsí nach radaíonn go haonfhoirmeach i ngach treo. Is é an radantas an déine radanta in aonad fairsinge (L, i W sr-1 m-2). Is é an t-ionradas an chumhacht iomlán in aghaidh an aonad fairsinge (E, i W m-2). Tomhaistear na paraiméadair radaiméadracha le radaiméadair.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “radiometry — Aistriúchán Gaeilge ar radiometry (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-02-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Radaiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |