Radhabinod Pal

breitheamh Indiach

Bhí Radhabinod Pal (27 Eanáir 188610 Eanáir 1967) ina dhlíodóir, acadóir agus breitheamh de chuid na hIndia (na Beangáile, go sonrach).[1]

Radhabinod Pal
NL-HaNA 2.21.273 1 0099 95.jpg
breitheamh

Saol
Eolas breitheAn Bhanglaidéis, 27 Eanáir 1886
NáisiúntachtRéimeas Briotanach
Bás10 Eanáir 1967
Oideachas
Alma materOllscoil Chalcúta
Rajshahi College (en) Aistrigh
Ollscoil Presidency
Hatboalia High School (en) Aistrigh
Gairm
Gairmbreitheamh agus múinteoir ollscoile
FostóiríNáisiúin Aontaithe
Ollscoil Chalcúta
Duaiseanna
1946

SaolCuir in Eagar

 
Ard-Chúirt Chalcúta

Is fearr aithne ar Phal mar gheall ar an ráiteas easaontach a thug sé mar bhall den Bhinse Míleata Idirnáisiúnta don Chianoirthear (tá ardmheas sa tSeapáin air dá bharr). D'éigiontaigh Pal gach cosantóir i ngach cúis, ag rá nach raibh ach saghas "ceartas an bhuaiteora" sa Bhinse.

Breitheamh d'Ard-Chúirt Chalcúta ó 1941, bhí Pal ina bhall den Choimisiún Dlí Idirnáisiúnta ó 1952 go dtí go bhfuair sé bás.

Bhí Pal ina ollamh i gColáiste Dlí Ollscoil Chalcúta ó 1923 go 1936. Rinneadh Leas-seansailéir na hOllscoile de sa bhliain 1944.


TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Radhabinod Pal" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-11.