Richard Burke

polaiteoir Éireannach de chuid Fine Gael

Polaiteoir Éireannach ab ea Richard (Dick) Burke (29 Márta 1932 – 15 Márta 2016). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael, agus Iar-Choimisinéir Eorpach agus an tIar-Aire Rialtais; bhí sé ina Aire Oideachais ó 1973-1977, tréimhse nuair a bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i mbun comhrialtais.

Infotaula de personaRichard Burke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Márta 1932
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Márta 2016
83 bliana d'aois
Caisleán Cnucha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 30 Márta 1982
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


An Coimisinéir Eorpach um Iompar
1977 – 1981
Ball de chomh-aireacht: Jenkins Commission (en) Aistrigh
Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


An tAire Oideachais agus Scileanna
14 Márta 1973 – 2 Nollaig 1976
← Pádraig FaulknerPeadar de Barra →
Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Burke (ar chlé) in 1973

Sa bhliain 1973, ceapadh Dick Burke, fear a raibh togha na Gaeilge aige, i gceannas ar an Roinn Oideachais.

Tharla feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin, Scoil Naomh Gobnait,.idir 1970-1973, ceann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga.[1] Ag deireadh seachtaine na Cincíse 1973, thug Burke cead chun an scoil a athoscailt.

Sa bhliain 1974 dhún Burke na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile.[2][3]

Sa bhliain chéanna, ar an 5 Aibreán 1974, fuair Burke réidh le Gaeilge Éigeantach na scrúduithe stáit, mar a gealladh sa bhForógra Toghcháin.[4][5][6]

Thogh an Taoiseach, Liam Cosgrave, Fine Gael ina choimisinéir ar dtús é i 1976 agus thogh Taoiseach Fhianna Fáil, Charlie Haughey ina choimisinéir arís é i 1982.[7]

D'éag 15 Márta 2016; 83 bliain d'aois a bhí sé.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donal Hickey (2014-12-22). "TG4 special recalls Kerry-Dublin march to save Dunquin school" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-06-02.
  2. Ansin, cuireadh oiliúint na mbunmhúinteoirí isteach i bhformat mí-oiriúnach ollscoile, format a d’fhág roghnú na n-ábhar don B.Ed. ar bhonn deonach feasta. Ba ionann an t-athrú sin agus díphroifisiúnú a dhéanamh trí ghníomh an Stáit ar cheird an mhúinteora bunscoile má roghnaigh an bunmhúinteoir óg gan an Ghaeilge a dhéanamh mar chuid den B.Ed.
  3. Liam Prút (25 Aibreán 2017). "Is gearrscéalaí Gaeilge mé. Cén fáth nach bhfuil ‘aon ghnáthléitheoirí’ agam?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  4. deireadh a chur leis an riachtanas oideachais a d’fhág nach mbeadh Ardteistiméireacht ná Meánteistiméireacht le fáil ag scoláire a theipfeadh air/uirthi pas a fháil i nGaeilge, cuma cé chomh maith is a dhéanfaidís sna hábhair eile.
  5. "Abolition of Compulsory Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  6. Donncha Ó hÉallaithe (7 Samhain 2024). "Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an mbuille ba mheasa ar stádas na Gaeilge ó bunaíodh an stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  7. Nuacht RTÉ (2016-03-15). "Iar-Choimisinéir Eorpach Richard Burke básaithe" (as ga-IE).