Robert Baden-Powell
Oifigeach in Arm na Breataine Móire, scríbhneoir agus bunaitheoir Ghluaiseacht na nGasóg,[1] ab ea Robert Stephenson Smyth Baden-Powell (Chéad Bharún Baden-Powell; 22 Feabhra 1857 – 8 Eanáir 1941).
Saol
cuir in eagarRugadh Baden-Powell i Londain Shasana. Oileadh é sa Charterhouse School in Surrey, i Sasana. Bhí sé ar seirbhís san Arm Briotanach ó 1876 go 1910 san India agus san Afraic.[2]
Scríobh Baden-Powell an leabharín, Scouting for Boys, a spreag gluaiseachtaí na ngasóg.[3] Scríobh sé chomh maith sna 1900idí ar chultúr na seanridirí, ag iarraidh é a athbheochan i measc na mbuachaillí. Chreid sé go láidir gur buille é seo ar son na moráltachta.[4] Spreag sé an Piarsach, dúghafa freisin le laochas fireann.
In éineacht lena dheirfiúr, Agnes, bhunaigh Badeɲ-Powell Gluaiseacht domhanda na mBanghasóg chomh maith.
Fuair Baden-Powell bás in Nyeri, sa Chéinia.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Michael Rosenthal (Journal of Contemporary History, Iml. 15, No. 4 (D.F., 1980), lch. 603-617). "Knights and Retainers: The Earliest Version of Baden-Powell's Boy Scout Scheme". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Lord BADEN POWELL — Godalming Museum". www.godalmingmuseum.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-02. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Michael Deacon (2016-01-08). "The eccentric world of Robert Baden-Powell" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Eoin P. Ó Murchú (29 Iúil 2016). "11 fhíric faoin Phiarsach nach raibh ar eolas agat!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2022-02-22.