Robert Kane

ceimiceoir Éireannach (1809-1890)

Ceimicí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Kane (24 Meán Fómhair 1809 - 16 Feabhra 1890). An chéad duine a thairg an eitil fhréamhaí, atá an-tábhachtach sa cheimic orgánach. Rinne sé amach modh chun alcól meitile a íonghlanadh. Rinne sé an chéad sintéisiú sa cheimic orgánach nuair a d'ullmhaigh an chomhdhúil chiorclach meiseitiléin ón gcomhdhúil líneach aicéatón. D'fhoilsigh sé an tuarascáil cháiliúil The Industrial Resources of Ireland (Acmhainní Tionsclaíochta na hÉireann, 1844), saothar ceannródaíoch chun maoin na tíre a chur chun cinn trí thionsclaíocht is fostaíocht a chothú. Scríobh sé Elements of Chemistry (Uraiceacht na Ceimice, 1840-1841), a raibh cáil is rath idirnáisiúnta air. Ceapadh é i 1845 ina stiúrthóir ar Mhúsaem nua Thionsclaíocht na hÉireann, a ndearnadh Coláiste Ríoga na hEolaíochta de i 1867 (agus Roinn an Taoisigh i 1990).

Robert Kane
Robert Kane (chemist).jpg
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 24 Meán Fómhair 1809
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 16 Feabhra 1890
Muintir
Céile/CéilíKatherine Sophia Baily
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmceimiceoir, scríbhneoir neamhfhicsin agus dochtúir leighis
Duaiseanna
BallraíochtAn Cumann Ríoga