Robert Mallet
Innealtóir, ábhareolaí is seismeolaí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Mallet (6 Meitheamh 1810 – 5 Samhain 1881). Bhí ceártaí iarainn aige agus sholáthair sé earraí iarainn do na hiarnróid, i gcomhair droichead agus an chogaidh sa Chrimé. Leag sé béim ar thomhas airíonna na gcóimhiotal agus staidéar ar bhriseadh na n-ábhar seo. Rinne sé taighde ceannródaíoch turgnamhach ar sheismeolaíocht. Thomhais sé luas forleata na dtonnta ar thrá Chill Iníon Léinín tar éis pléascthaí a dhéanamh ar an dromchla. Lena mhac John, thiomsaigh sé catalóg is léarscáileanna de na creathanna talún ar fud an Domhain (1850-1858). I 1858 d'aimsigh sé eipealár crith talún i Napoli na hIodáile, an chéad uair ar éirigh le héinne é sin a dhéanamh.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Meitheamh 1810 Baile Átha Cliath |
Bás | 5 Samhain 1881 71 bliana d'aois Clapham, England |
Áit adhlactha | West Norwood Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Geoifisic |
Gairm | innealtóir sibhialta, geolaí, seismeolaí, innealtóir, geoifisiceoir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Páiste | John Mallet, Robert Trefusis Mallet |
Gradam a fuarthas
| |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert Mallet". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 435.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |