Robert Murphy

matamaiticeoir agus fisicí Éireannach

Mac gréasaí, matamaiticeoir a rugadh i Mala ab ea Robert Murphy (1806-1843). I 1824 d'fhoilsigh matamaiticeoir as Maigh Nuad réiteach ar sheanfhadhb, ciúb a aimsiú trí gheoiméadracht a bheadh ina dhúbailt ar chiúb eile, ach tharraing an t-ógánach Murphy cáil air féin trí bhotún sa réiteach a léiriú. Agus é fós ina fhochéimí in Ollscoil Cambridge d'fhoilsigh sé ailt ar mhatamaitic fheidhmeach sa bhfisic is cothromóidí ailgéabracha. D'fhoilsigh sé leabhar ar leictreachas agus sraith alt bunúsach ar anailís, inbhéartú, díbirt is suimeáil. Scríobh sé an leabhar údarásach A Treatise on the Theory of Algebraical Equations (Tráchtas ar Theoiric na gCothromóidí Ailgéabracha, 1839).[1]

Infotaula de personaRobert Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1806
Mala Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Márta 1843
36/37 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Gonville agus Caius, Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmatamaiticeoir, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1834–) Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Robert Murphy". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 474.