Ruth Dudley Edwards
Iriseoir, staraí, craoltóir agus úrscéalaí coireachta Éireann is ea Ruth Dudley Edwards, a rugadh ar 24 Bealtaine 1944, i mBaile Átha Cliath. "Staraí athbhreithnitheach" a thugann sí uirthi féin.[1][2][3] Foilsítear a cuid shaothar i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe araon. I measc post eile atá aici, is colúnaí í leis an Irish Sunday Independent (Ireland).
CúlraCuir in Eagar
Rugadh agus tógadh Ruth Dudley Edwards i mBaile Átha Cliath agus oileadh í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Coláiste Girton, Cambridge, agus Coláiste Wolfson, Cambridge. Staraí ab ea a hathair, an tOllamh Robert Dudley Edwards. Tá deartháir léi ina staraí in Ollscoil Dhún Éidinn. Sa bhliain 1965, phós sí céimí eile ó UCD, Patrick Cosgrave, iriseoir. Fuair siad colscaradh ní ba dhéanaí. Cuireadh síos ar a seanmháthair Bridget Dudley Edwards mar dhuine a bhí gníomhúil leis an gCuntaois Plunkett agus ciorcail shóisialta dá leithéid.[4]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Dudley Edwards, Ruth. "Confessions of an Irish Revisionist" in (Homberger, Eric; Charmley, John ed. "The Troubled face of biography") Nua-Eabhrac: St. Martin's Press, (1988). ISBN 9780312013295.
- ↑ [[[:Teimpléad:Cite tweet]]]
- ↑ Ruth Dudley Edwards urges Queens University audience to ignore 'well known eccentric'
- ↑ Ruth Dudley Edwards, The Seven, Oneworld Publications, Londain, 2016, lch. 205.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |