Sádar
Cóimhiotal a leánn go héasca ag teocht mheasartha chun nasc a dhéanamh idir dhá dhromchla miotail. De ghnáth bíonn stán is luaidhe ann nuair a bhíonn copar le nascadh, nó prás, nó iarann le stánphláta air. Ní hionann is táthú, is amhlaidh a líonann an sádar na scáintí sna dromchlaí atá le nascadh, agus is mar seo a dhéanann an nasc gan comhtháthú leo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sádar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 572.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |