Seán Mac Dhonnagáin

scríbhneoir agus aisteoir Éireannach

Is scríbhneoir agus aisteoir ó Bhaile Átha Cliath é Seán Mac Dhonnagáin. I measc na ndrámaí atá scríofa aige tá An Chos Eile (AerachAiteachGaelach) agus ALVA (Polliwog Theatre Collective). Bhuaigh a dhrámaí Ar Snámh agus An Chos Eile an chéad duais do Dhráma Aonghnímh i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge (2018, 2023) agus bhuaigh a dhráma raidió Séasúr Oscailte an dara duais i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge (2023). Bronnadh sparántacht air ó Axis Bhaile Munna sa bhliain 2020, agus bhí a dhráma An Chos Eile ar stáitse an Axis i mí na Samhna 2023.

Infotaula de personaSeán Mac Dhonnagáin
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aisteoir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla


Instagram: seanmacdh LinkedIn: seán-mac-dhonnagáin-2269b8116 Cuir in eagar ar Wikidata

Le déanaí, rinne Seán aisteoireacht sa cheoldráma Shauna Carrick Wants a Dog (Amharclann Aon Scéal, Féile Imill Bhaile Átha Cliath), a bhí ainmnithe do ghradaim mar an léiriúchán is fearr ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath. Is ball é Seán de AerachAiteachGaelach, comharghrúpa ealaíon a thugann tacaíocht d’ealaíontóirí aiteacha atá ag obair trí mheán na Gaeilge.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar