Síle Denvir
Is amhránaí sean-nóis, cláirseoir, agus scoláire idirdhisciplíneach í Síle Denvir. Tá suim aici in amhránaíocht na Gaeilge ach go háirithe. Rugadh agus tógadh in Indreabhán.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Indreabhán |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge agus Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Idirdhiscíplineacht, sean-nós, na taibhealaíona, an taibhfhilíocht, ceol Gaelach agus amhránaíocht Ghaeilge na hAlban |
Gairm | amhránaí, cláirseoir, ollamh cúnta |
Fostóir | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
Uirlis | Ceol gutha agus cláirseach |
Suíomh gréasáin | siledenvir.com |
Tá riar páipéir léannta foilsithe aici faoi thraidisiún na hamhránaíochta, ina measc Ó Shuantraí go Goltraí: Léiriú ar Ghlór na mBan sna hAmhráin Dhúchasacha Gaeilge in eagrán 53 de LCC, aiste a thugann léargas pearsanta mar chleachtóir ar a rogha amhrán ó dhearcadh na mná sa dá sheánra amhrán sin.[2]
Albaim
cuir in eagar- Anamnesis (2023)
- Caithréim (2016)
Foilseacháin
cuir in eagar- Tom a' tSeoighe: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht, 2020)
- Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht, 2008)
Gradaim
cuir in eagarBronnadh Gradam Ceoil TG4 d'Amhránaí na Bliana 2023 uirthi.[1]
Thug sí léi Gradam NÓS in 2017 d'Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta) i gcomhair a halbaim Caithréim, atá bunaithe ar an gceol agus ar na hamhráin i ndrámaí Phádraig Mhic Phiarais. In 2024, thuil Anamnesis ainmniúchán sa chatagóir chéanna chomh maith leis an mbua sa chatagóir Ealaín na Bliana. Sa bhliain chéanna, fuair Denvir ainmniúchán sa chatagóir Físeán na Bliana as an bhfíseán ceoil a rinne sí don amhrán Eileanóir a Rún leis an bhfile Laighneach Cearbhall Ó Dálaigh.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil
- Físeán: Eileanóir a Rúin
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Ní Shíocháin, Tríona le Ní Annracháin, Máire (eag.) (2023). "Nótaí Beathaisnéise". Léachtaí Cholm Cille 53: 289-293. ISSN 0791-8658.
- ↑ Denvir, Síle (2023). "Ó Shuantraí go Goltraí: Léiriú ar Ghlór na mBan sna hAmhráin Dhúchasacha Gaeilge". Léachtaí Cholm Cille 53: 95-104. ISSN 0791-8658.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |