Is éard atá i gceist le súlach gastrach[1] ná meascán substaintí a tháltar ag cealla is faireoga taobh istigh den ghoile. Bíonn aigéad hidreaclórach (ó chealla pairiatacha) ann, peipsinigin (ó phríomhchealla), múcas is fachtóir intreach (ó chealla múcasacha). Is féidir go gcuirfidh tál iomarcach aigéid hidreaclóraigh is peipsinigine tús le hothrais. Muna féidir dóthain fachtóra intrigh a thál, féadfaidh ainéime mharfach tarlú.[2]

  1. “súlach gastrach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Súlach gastrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.