Pilséar
(Athsheolta ó Sairdín)
Is gnáthainm ar éisc bheaga, cosúil le scadán, sna géinis Sardina agus Sardinops é pilséar. Maireann siad go forleathan sna huiscí dromchlacha, flúirseach in áiteanna in oirthuaisceart an Aigéin Atlantaigh is an Mheánmhuir. Suas le 25 cm ar fhad. Scothghlas/gorm ar an taobh uachtarach, airgeadach ar an taobh íochtarach. Iasc tábhachtach trádálach, a stánaítear don mhargadh de ghnáth. Tugtar sairdín air freisin.[1]
Clupeidae | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Clupeidae fish oil (en) , salted herring skin (en) , salted herring (en) agus smoked herring (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Clupeiformes |
Fine | Clupeidae Cuvier, 1817 |
Speicis
cuir in eagar- Sardina pilchardus: pilséar nó pilséar Eorpach
- Sardinops melanostictus: pilséar Seapánach
- Sardinops neopilchardus: pilséar Astrálach
- Sardinops ocellatus: pilséar Deas-Afracach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pilséar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |