Saisimí
bia Seapánach
(Athsheolta ó Saisímí)
Is éard is saisimí ann ná iasc amh Seapánach, gearrtha i slisní, a fhaightear i bproinntithe mar shócamas. I measc na n-iasc coitianta chuige tá tuinnín, bran na farraige, leadóg, scuid, octapas is sliogéisc. Itear iad blaistithe le hanlann soighe is mustard glas. Nuair a bhíonn slisní éisc aimh ar ranna beaga ríse beirithe, tugtar súisí air.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Saisímí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.
- ↑ ““sashimi” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-03.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |