Satailít loingseoireachta

Ó thús ama bhain mairnéalaigh feidhm as na réaltaí chun loingseoireachta. Le blianta anois tá loingseoireacht nua-aoiseach leictreonach bunaithe ar na réaltaí nua — satailítí teileachumarsáide — in úsáid.[1]

fithisithe

Fithisithe cuir in eagar

Tá na satailítí seo i bhfithisí fosaithe, agus tarchuireann siad bíogchomharthaí raidió an t-am ar fad.

Loingseoireacht cuir in eagar

Agus córas suite domhanda (GPS) ar bord, glacann an long nó an t-eitleán na bíoga seo ó roinnt de na satailítí agus ríomhann domhanleithead is domhanfhad an árthaigh go leanúnach.

 

Cabhraíonn an córas seo chun longa a dhíriú amuigh ar an bhfarraige agus calafort a aimsiú an t-am ar fad, fiú i ndrochaimsir agus istoíche.

San Eoraip cuir in eagar

 
réaltbhuíon Galileo sa spás

Galileo an t-ainm atá ar chóras satailíte na hEorpa (nó "Córas Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais").[2] Ar 21 Deireadh Fómhair 2011, le lainseáil an chéad satailít oibríochta de chuid an chláir Galileo, thóg an tAontas Eorpach céim mhór i dtreo córas loingseoireachta satailíte dá chuid féin a bheith aige[3].

Inniu úsáidtear Galileo gach aon lá san iliomad cásanna, ina measc éigeandálaí ar na farraigí móra, turais bóthair, ar fhóin phóca agus fiú ag imeachtaí spóirt.[4] Cuidíonn Galileo le hiompar, seirbhísí tarrthála, idirbhearta baincéireachta agus soláthar leictreachais a fheabhsú.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmaid Mac Mathúna (EAGRÁN 83 · MÁRTA 2008). "An spásrás comhaimseartha: níl Éire dtús cadhnaíochta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-21.
  2. esa.int. "Galileo" (en). www.esa.int. Dáta rochtana: 2020-10-21.
  3. Aontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (ga). European Union. Dáta rochtana: 2020-10-21.
  4. JOSÉ DIAS (2018-11-12). "An tsnáthaid mhór a thóraíocht san fhásach: Mar a tharrthálann an tAontas daoine le cabhair satailítí" (ga). EU Protects - European Commission. Dáta rochtana: 2020-10-21.
  5. Hussey, Matt (2011). "Saitilít loingseoireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 575.