Scagaire
téarma ginearálta a chlúdaíonn scagairí ceimiceacha, leictreacha, optúla, srl.
Úsáidtear an téarma i 3 chás ar a laghad: meicniúil, leictreach/leictreonach, agus optúil. Is gléas chun páirteagail mhíne sholadacha a bhaint as meascán é scagaire meicniúil. Le hábhar éigin fite nó feiltithe cosúil le páipéar nó fabraic a dhéantar seo. Ní hionann é is criathar, a bhaineann páirteagail gharbha amach le mogall sreinge nó miotal pollta. Cosúil leis an gcás meicniúil, ciorcad chun tonnfhaid ar leith a scaradh ó chéile nó a bhaint as chomhartha is ea scagaire leictreach nó leictreonach. Is ábhar trédhearcach a athraíonn an meascán tonnfhaid solais a théann tríd scagaire optúil. Úsáidtear é i gcórais optúla, ceamaraí, micreascóip is a leithéid chun déine an tsolais a laghdú, dathanna sa radharc a athrú, is a lán eile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scagaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |