Is éard atá i gceist leis an sciaitíce[1][2] ná pianta ar feadh dáileadh na néaróige sciataí, is é sin ar fud na más is ar chúl na géige íochtaraí go bun na coise. Go minic, brú ar fhréamhacha na néaróige sciataí sa réigiún lumbasacrach is bun léi, mar gheall ar shleamhnú diosca idirveirteabraigh as a ionad ceart ansin.[3]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.