Scríobach
ábhar garbh a úsáidtear le cruth a chur ar rud
Ábhar crua, garbh nó géar a úsáidtear i meilt, gearradh is snasadh ábhar nach bhfuil chomh crua sin. Ábhair nádúrtha scríobacha is ea diamant, corandam, éimear, gaineamh, bláithliag is cailc (agus gach ceann sa liosta sin níos boige ná an ceann roimhe). I bhfeidhmeanna áirithe, déantar meascán de scríobach i bhfoirm púdair is uisce nó ola, múnlaítear le stroighin ina roth nó ina bharra é, nó greamaítear an púdar ar pháipéar nó éadach le gliú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scríobach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 586.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |