Próiseas chun cruach a chosaint ar chreimeadh, ainmnithe as a cheapadóir Sasanach Sherard Cowper-Coles (1866-1935). Téitear an réad cruach i bpúdar mín since go dtí teocht atá rud beag faoi bhun leáphointe na since. Cruthaítear malgam ar an dromchla ionas gur sinc íon ciseal seachtrach an réada, ag céimniú chuig cóimhiotal iarainn/since, greamaithe leis an gcruach. Is dromchla an-fhrithchreimthe é seo, an-oiriúnach i gcomhair péinteála.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Seireardú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.