Ionstraim optúil chun fad uilleacha a thomhas, go háirithe uillinn airde na Gréine os cionn bun na spéire ag meán lae chun domhanleithead áite a dhéanamh amach. Braitheann an féachadóir bun na spéire trí theileascóp, agus ag an am céanna, an Ghrian trí scáthán atá greamaithe le géag ar stua grádaithe. Is féidir an scáthán a bhogadh thar an stua chun go dtarlaíonn comhthitim íomhá na Gréine is bhun na spéire. Nuair a úsáidtear ar tír é, baintear feidhm as linn mearcair mar bhun saorga spéire. In aerárthaigh, baintear úsáid as leachtleibhéal.[1]

Infotaula equipament informàticSeiseamhán

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
In úsáid agloingseoir
Tomhasánuillinn
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agJohn Bird agus Hamid Ibn-al-Chidr Abu-Mahmud al-Chudschandi
Dáta cruthaithe1757 Cuir in eagar ar Wikidata
Téann sé in áitochtamhán
astraláib Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Seiseamhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.