Sheila Tinney

fisiceoir matamaiticiúil Éireannach

B'fhisiceoir matamaitice Éireannach í Sheila Christina Tinney née Power (15 Eanáir 191827 Márta 2010). Chaith sí dhá bhliain in Ollscoil Dhún Éideann i 1941 ag baint céim PhD amach faoi mhaoirseacht Max Born, rud a dtugann le bhfios gur ise an chéad bhean a rugadh agus a dtógfadh in Éirinn a thuill céim dochtúireachta in eolaíocht mhatamaiticiúil.[1]

Infotaula de personaSheila Tinney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Sheila Christina Power
15 Eanáir 1918
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 2010
92 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMount Venus cemetery (en) Aistrigh 53°15′38″N 6°18′15″W / 53.260444°N 6.304235°W / 53.260444; -6.304235 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann - dochtúireacht (1939–1941)
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - céim máistreachta (1936–1939)
Ollscoil na Gaillimhe (1935–1936) Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilOn the stability of crystal lattices VII. Long-wave and short-wave stability for the face-centred cubic lattice (1942 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaMax Born
Gníomhaíocht
Gairmfisiceoir, matamaiticeoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1949–1979)
An Institiúid Ard-Léinn (1948–1949)
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1941–1948)
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1941–1979) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
CéileSean Tinney Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHugh Tinney Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaMary Catherine Tinney (deirfiúr chéile) Cuir in eagar ar Wikidata
Sheila Tinney i measc foireann DIAS i 1942
Women in Mathematics Day 2018 , COBÁC agus Sheila Tinney taobh thiar

Saol cuir in eagar

Is í Sheila Christina Power an ceathrú páiste ó gclann seisear a rugadh i gCathair na Gaillimhe le Michael Power (aka Mícheál de Paor, as tuath Cill Chainnigh ó dhúchas, Cathaoirleach na Matamaitice ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ó 1912-1955) agus Christina Cunniffe (a bhfuair bás le linn breith clainne nuair a bhí Sheila 12).

Bhí sí oilte ag na mná rialta Doiminicigh i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath araon, agus bronnadh grád onóracha i Matamaitic uirthi i Scrúdú na hArdteistiméireachta[2], ar dhuine de 8 cailíní a dhearna an rud céanna sa tír ar fad. I ndiaidh bliain amháin ag freastal ar UCG, bhog sí go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí BSc amach i 1938, le Céim Onóracha sa Mhatamaitic, agus ag barr an ranga.

Bhain sí céim Mháistreachta ó UCD sa bhliain 1939, agus ina dhiaidh sin bronnadh scoláireacht taistil Ollscoil na hÉireann uirthi, a chuir ar chumas di dul i mbun taighde in Ollscoil Dhún Éideann in Albain. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1941, thuill sí céim dochtúireachta faoi mhaoirseacht an fisiceoir iomráiteach Max Born. Tháinig ar chobhsaíocht laitísí chriostal ar an bhfód an tráth úd.[3]

Agus í ar ais i mBaile Átha Cliath, thosaigh sí ag obair mar léachtóir cúnta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (CÓBÁC), agus bhí sí ar dhuine de na chéad trí scoláirí a cheapfar chun an institiúid úrnua, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS), i mí Dheireadh Fómhair i 1941. Le linn a tréimhse in DIAS d'oibrigh sí le Paul Dirac, Arthur Eddington agus Erwin Schrödinger. Chuir sí spéis mhór i bhfisic chandamach, agus scríobh sí páipéir le Schrödinger, Hideki Yukawa, agus Walter Heitler.

Ó Mheán Fómhair 1948 go Meitheamh 1949 fuair sí cead neamhláithreachta ó UCD agus d'oibrigh sí mar scoláire ar cuairt ag Institute for Advanced Study i Princeton i measc Freeman Dyson, Hermann Weyl, Harish-Chandra, agus Albert Einstein.[4]

D'fhorbair sí an chéad cúrsa matamaitice ar mheicnic chandamach in COBÁC agus mhúin sí an t-ábhar do na glúnta de dhaltaí ann, go dtí a scor luath i 1979.

Sa bhliain 1952, phós sí Seán Tinney, iar-mhac léinn innealtóireachta a bhí aici nuair a bhí sí ina léachtóir, agus bhí triúr páistí acu, an pianódóir clasaiceach Hugh Tinney san áireamh.[5]

Ceannródaí agus ról múnla do mhná sa saol acadúil cuir in eagar

Sa bhliain 1900, d'éirigh leis an bhfeachtas chun glacadh le mná sa saol acadúil den chuid is mó rathúil, agus thosaigh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag ligean mná isteach i 1904. Ach thug Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) constaicí dlíthiúla agus níor ghéill siad go dtí 1949, nuair a admhaigh siad ceathrar ban ar deireadh, agus ba í Sheila Tinney ceann acu dóibh.[6][7]

Sa bhliain 2016, bhronn an RIA onóir ar Tinney lena portráid a chrochadh, chomh maith le 11 ceannairí acadúla (mná) eile, ar na ballaí.[8] Fiú i CÓBÁC, chonaic Tinney réamhchlaonadh i gcoinne na mban. Insíonn ollamh amháin, An tOllamh Emeritus, ar eachtra ina raibh comhbhá ag Tinney léi, nuair a fuair fear níos óige ná í ardú céime ina háit, cé go raibh sí níos cáilithe. I rith a cuid ama ag UCD bhí cáil uirthi mar dhuine a thug cabhair do chomhghleacaithe mná óga a bhí ag iarraidh forbairt a chuir ar a gcuid gairmeacha.[9]

Páipéir cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tinney biography". www-history.mcs.st-andrews.ac.uk. Dáta rochtana: 2018-09-03.
  2. scrúdaithe deireanacha meánscoile na hÉirinn
  3. The Irish Times Obituary: Sheila Tinney Pioneer in field of mathematical physics
  4. IAS Scholars: Sheila Christina Power
  5. Freeman Dyson and the Dublin Institute for Advanced Studies Lochlainn O’Raifeartaigh blog, 23 May 2014, "The connection is that Hugh’s late mother, Professor Sheila Tinney, was an accomplished mathematician who spent time at Princeton IAS"
  6. Better without the ladies: the Royal Irish Academy and the admission of women members History of Ireland Magazine, Vol 19, Nov/Dec 2011
  7. How to draw more women into Stem The Irish Times, 28 July 2016
  8. Putting Ireland's groundbreaking Women on Walls at the RIA Royal Irish Academy, 7 December 2016
  9. The Undergraduate Awards 2016 Medal Curtha i gcartlann 2016-11-02 ar an Wayback Machine UA Blog, 13 October 2016