Siar ón Bhanna
Is téarma coitianta é Siar ón Bhanna (Béarla: West of the Bann) a chuireann síos ar réigiún iarthar Thuaisceart Éireann, ar an taobh siar den Bhanna (abhainn a ritheann tríd an chúige aneas ó thuaidh). Is téarma é atá in úsáid ag lucht polaitíochta an Tuaiscirt chun tagairt a dhéanamh do áiteanna ina bhfuil formhór an phobail ina gCaitlicigh nó ina náisiúnaigh.
Go stairiúil is í an chuid soir ón abhainn é an talamh talmhaíochta is fearr in Ulaidh (agus is dócha in Éirinn), agus is ansin a chónaíonn an chuid is mó de dhaoine Phrotastúnacha agus aontachtóirí sa tír.
Deir polaiteoirí náisiúnacha i dtólamh gur é an réigiún seo, atá siar ón Bhanna, an leath is boichte de Thuaisceart Éireann, mar gheall ar easpa infheistíochta le fada. Ní mar oirthear an chúige atá sé - áit a bhfuil naisc iontacha gasta aige leis an mBreatain Mhór. Ní hé amháin go mbíonn m.sh. Cathair Dhoire scoite amach ón chuid eile den Ríocht Aontaithe, ach go bhfuil sé sroichte ón chuid eile d'Éirinn (Contae Dhún na nGall go fiú) ó thaobh an gheilleagair de.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |