Siondróm an tolláin charpaigh
Laige san ordóg is an lámh, le heanglach nó griofadach san ordóg is na méara cóngaracha é Siondróm an tolláin charpaigh. Tarlaíonn sé mar thoradh ar chomhbhrú ar an néaróg mheánach a thugann seirbhís don chraiceann sa réigiún sin is í ag dul trí chrios fíochán a ghabhann mórthimpeall an rosta (an tollán carpach). Is dolúbtha an tollán carpach, agus cuireann sé brú ar an néaróg mheánach má atann fíocháin istigh ann. Is féidir go dtarlóidh a leithéid le húsáid athchleachtach an rosta i gclóscríobh, tiomáint gluaisteáin is spóirt áirithe, agus bíonn baint aige le riochtaí áirithe cosúil le toircheas, an sos míostraithe, airtríteas réamatóideach, diaibéiteas is hipirtheannas. Is sampla é de ghortú athstraidhneála, cosúil le huillinn leadóige. Is féidir go maolófar ar na siomptóim trí scíth a ghlacadh nó cléithín ar an rosta, ach uaireanta is gá obráid ar an rosta chun an brú ar an néaróg a scaoileadh.[1]
![]() ![]() | |
Cineál | nerve compression syndrome (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus ortaipéide ![]() |
Cliniciúil | |
Comharthaí | wrist pain (en) ![]() ![]() |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | TTR agus SH3TC2 ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | G56.0 agus G56.00 ![]() |
ICD-9 | 354.0 ![]() |
CIAP | N93 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 115430 ![]() |
DiseasesDB | 2156 ![]() |
MedlinePlus | 000433 ![]() |
eMedicine | 1243192, 327330, 822792 agus 388525 ![]() |
MeSH | D002349 ![]() |
UMLS CUI | C0007286 ![]() |
DOID | DOID:12169 ![]() |
Féach freisin Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Siondróm an tolláin charpaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 602.
Naisc sheachtracha Cuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |