Sléacht Mhuileann Ching (1976)

Tharla Sléacht KingsmillSléacht Mhuileann Ching ar 5 Eanáir 1976 nuair a dúnmharaíodh deichniúr oibrí Protastúnacha .ag Muileann Ching,[1] in aice le Corr Leacht agus Loch Goilí i gContae Ard Mhacha.[2][3] Bhí an sléacht ar cheann de na heachtraí uafáis is mó cáil 'sna Trioblóidí.[4] Imríodh díoltas ar oibrithe Protastúnacha as gníomhartha nach raibh baint ná páirt acu leo.[5]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Mhuileann Ching
Map
 54°12′56″N 6°27′03″W / 54.21547°N 6.45086°W / 54.21547; -6.45086
Cineáleirleach
oll-lámhach
foréigean seicteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Eanáir 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1 Cuir in eagar ar Wikidata


Baineadh úsáid as ArmaLite AR-180
... agus ArmaLite AR-15

Tharla an marú seo díreach ceithre huaire is fiche i ndiaidh gunnadóirí dílseacha seisear Caitliceach a mharú sa cheantar céanna i ndeisceart Ard Mhacha.

Mhaigh an "South Armagh Republican Action Force" go raibh baill an Fhórsa freagracht as, ag rá go raibh sé mar dhíoltas as sraith ionsaithe ar shibhialtaigh Chaitliceacha ag dílseoirí. Creidtear go ndearna baill den IRA Sealadach an t-ionsaí, d'ainneoin an eagraíocht a bheith ar sos cogaidh ag an am. Níor ciontaíodh aon duine ariamh as an ionsaí.

Bord Eolais ag Eaglais Phreispitéireach Mhuileann Ching

An deichniúr cuir in eagar

'Siad an deichniúr a maraíodh ná  

John Bryans, Robert Chambers, Reginald Chapman agus Walter Chapman, Robert Freeburn,

Joseph Lemmon, John McConville, James McWhirter, Robert Samuel Walker agus Kenneth Worton.

Cúlra cuir in eagar

Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[6]

Chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[7][8] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[9] Bhí éiginnteacht ann sa phobal faoi chúrsaí polaitíochta ar an dá thaobh.

Dhírigh ansin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.

Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal.

I measc na n-eachtraí.

Tharla an marú i Muilte Ching díreach ceithre huaire is fiche i ndiaidh gunnadóirí dílseacha seisear Caitliceach a mharú sa cheantar céanna i ndeisceart Ard Mhacha .

Ionsaí cuir in eagar

 
Corr Leacht (Muileann Ching)

Bhí na hoibrithe a maraíodh san ionsaí i mí Eanáir 1976 ag filleadh abhaile óna gcuid oibre i muileann teicstíle i nGleann Anna. Ag 5.20 ar an 5ú lá de mhí Eanáir, d'fhág mionbhus d'oibrithe Protastúnacha a monarcha le filleadh abhaile go dtí An tSruthán.[4]

Ag Kingsmill stop fear ar an mbóthar tuaithe an veain. Ar bhealach cúng tuaithe i mbaile fearainn Mhuillte Chaing, gar don Chorr Leacht, stop buíon de fhir ghunna an mionbhus agus hordaíodh do na fir éirí amach.

Fiafraíodh dóibh cén creideamh a bhí acu. Ordaíodh don gCaitliceach aonair a bhí ar bord, Richard Hughes, greadadh leis i dtreo An tSrutháin agus gan breathnú ina dhiaidh.[10]

Ansin scaoil fir ghunna leis an aon duine dhéag a bhí fágtha. Lámhachadh ina seasamh iad i dtosach agus nuair a thit siad scaoileadh leo arís is arís sa gcloigeann. Maraíodh deichniúr, mhair Alan Black cé gur bhuail 18 piléar é.

Goideadh feithicil ar baineadh úsáid as le linn an ionsaithe agus a frítheadh ina dhiaidh i gCo. Lú.[11]

Seicteachas cuir in eagar

Tá Muileann Ching sna hannála mar gur ionsaí seicteach amach is amach a bhí ann;[12] i gcruthúnas air sin ordaíodh don duine amháin ar bhus na n-oibrithe a bhí ina Chaitliceach bailiú leis sular lámhachadh an 11 eile. Ba é Alan Black, as An tSruthán, an t-aon duine díobh a mhair, cé go raibh sé gortaithe go dona ó scaoileadh 18 piléar leis.

 
Séipéal de chuid na bPreispitéireach i Muileann Ching

Freagracht cuir in eagar

Grúpa darbh ainm an South Armagh Republican Action Force[13] a mhaígh ag an am gurb iad a bhí freagrach.

Creidtear gur ainm eile don IRA a bhí anseo. Cuireadh an milleán as an ionsaí ar an IRA de bhrí gur tharla sé mar dhíoltas ar dhúnmharaithe dílseacha sa gceantar céanna (Sléacht Thulaigh Álainn (1975) mar shampla).[14] Léirigh scrúduithe balaistíocha níos déanaí gur baineadh úsáid as na gunnaí céanna a scaoileadh ag Kingsmill i lear mór ionsaithe de chuid an IRA i gContae Ard Mhacha roimhe sin agus ina dhiaidh.[10]

Fiosrúcháin cuir in eagar

Níor tógadh duine faoi réim an cheartais ach níos déanaí, ciontaíodh John McCooey, fear 22 bliain d'aois as Coilleach Eanach, as a bheith páirteach i marú saighdiúir UDR Joseph McCullough — séiplíneach Lóiste Oráisteach Thulaigh Álainn — i mí Feabhra 1976, agus Robert McConnell, saighdiúir UDR i mí Aibreáin 1976. Dúradh go raibh baint aige le Sléacht Mhuileann Ching.[15][16]

Ainneoin nár admhaigh an tIRA riamh gurb iad a bhí freagrach, i 2011 chuir an An Fhoireann de Fhiosrúcháin Stairiúla an milleán orthu, foireann stáit a d'fhiosraigh go leor eachtraí den chineál céanna ó na Trioblóidí.[4] Ach sa bhliain 2011 chomh maith, shocraigh rialtas na Breataine gan leanúint d’fhiosrú shléacht Muileann Ching.[5]

2013-2017 cuir in eagar

I 2013 d'ordaigh Ard-aighne an Tuaiscirt fiosrúchán nua faoin eachtra i ndiaidh go leor achainí ó ghaolta na ndaoine a maraíodh. Cuireadh tús leis an fiosrúchán poiblí i mBéal Feirste ag deireadh mhí na Bealtaine 2016.

Theastaigh ón chróinéir aghaidh a thabhairt ar ráflaí go mb'fhéidir gurb é an Captaen Robert Nairac an duine i measc na bhfear gunna an uair sin a raibh canúint Shasanach air. Ach ní raibh Nairac sa Tuaisceart ar an dáta sin is cosúil.

Dúirt póilíní ag coiste cróinéara faoin ionsaí gur aimsíodh fianaise nua dhlí-eolaíoch ar ghluaisteán a d'úsáid na fir ghunna le héalú ón sléacht.[12] Bhí a fhios ag na teaghlaigh le blianta go bhfuarthas lorg láimhe ar veain inar éalaigh na fir ghunna ón IRA a bhí freagrach as an ionsaí. Cibé cúis atá leis –dul chun cinn sa dlí-eolaíocht fhóiréinseach nó loirg nua a bheith tógtha ó dhaoine ar chúis éigin eile – d’inis an PSNI don chróinéir, do ghaolta agus do dhlíodóirí go raibh an lorg láimhe aitheanta acu ar deireadh.

 I mí Lúnasa 2016, bhí fear gafa ag póilíní, maidir le fiosrúchán a bhí fós ag bun ag na póilíní faoin sléacht.[17] Ach níor cúisíodh é.[18]

2024 cuir in eagar

Rialaigh an cróinéir gur ionsaí seicteach de chuid an IRA ab ea sléacht Kingsmill Dúradh ag an am go ndearnadh an sléacht mar gheall ar dhá ionsaí a rinne dílseoirí an oíche roimhe sin. Ach chinn an cróinéir nárbh fhéidir ionsaí Kingsmill a eagrú in achar 20 uair an chloig agus go raibh sé pleanáilte roimh uafáis na hoíche roimhe.[10]

Gníomh gríosaithe cuir in eagar

Ar an 5 Eanáir 2018, scaip Barra Mac Giolla Dhuibh (Barry McElduff, feisire Westminster de chuid Sinn Féin ag an am) físeán ar na meáin shóisialta de féin agus builín aráin ... de dhéantús Muileann Ching ... leagtha ar a cheann aige, cothrom an lae i ndiaidh na heachtra Muileann Ching. D’éirigh Mac Giolla Dhuibh as a phost ar 15 Eanáir 2018, de bharr na conspóide a bhain leis.[19] Sa bhliain 2019, fuair Mac Giolla Dhuibh an dara vóta ab airde ar an chéad comhaireamh i dtoghchán áitiúil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ching&str=on Muilte Ching/Kingmills" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-05.
  2. cain.ulst.ac.uk. "Conflict Archive on the Internet - Chronology". Conflict Archive on the Internet (CAIN). Dáta rochtana: 2021.
  3. Micheal McKenna. "Ching-massacre-remains-undiminished-45-years-on/124871 Pain felt by Muileann Ching massacre remains ‘undiminished’ 45 years on" (en). Armagh I. Dáta rochtana: 2021-01-05.[nasc briste go buan]
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2016-05-23). "Tús curtha le coiste cróinéara" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 Eoghan Ó Néill (Gaelscéal) (5 Íúil 2011). "Tá an fhírinne searbh ach ní mór í a insint". Dáta rochtana: 2021.
  6. Extracts from The Longest War: Northern Ireland and the IRA by Kevin J. Kelley. Zed Books Ltd, 1988. Conflict Archive on the Internet (CAIN).
  7. Taylor, Peter (1999). Loyalists. London: Bloomsbury Publishing Plc. p.142
  8. Taylor, Peter. Brits: The War Against the IRA. Bloomsbury Publishing, 2001. p.182
  9. "October 1975 Northern Ireland attacks" (as en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  10. 10.0 10.1 10.2 Póilín Ní Chiaráin (17 Aibreán 2024). "‘Plástar ar chneá’ –fiosrú poiblí eile á éileamh tar éis ionchoisne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-17.
  11. Nuacht RTÉ (2015-06-01). "Ching/ Rialtas agus Gardaí cáinte ag cróinéir faoi shléacht Muileann Ching" (as ga). 
  12. 12.0 12.1 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Ching/ Ceisteanna i gcónaí faoi Birmingham agus Muileann Ching" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-05.[nasc briste go buan]
  13. “Fórsa Caitliceach Frithghníomhartha in Ard Mhaca Theas”
  14. Ching-weapons-used-by-ira-to-murder-ruc-officers-13-years-later-inquest-told-35722516.html "Muileann Ching weapons used by IRA to murder RUC officers 13 years later, inquest told". Belfast Telegraph, 17 May 2017. Retrieved 9 January 2018.
  15. McKittrick, David. Lost Lives. Mainstream Publishing, 1999. p.572
  16. Ching-six-named-in-het-report-1-2782872 "Muileann Ching: Six named in HET report" Curtha i gcartlann 2018-11-16 ar an Wayback Machine. The News Letter. 17 June 2011.
  17. "Fear gafa maidir le dúnmharú Mhuilte Ching i gCo. Ard Mhaca" (as ga) (2016-08-05). 
  18. "Ching-massacre-no-charges-against-man-linked-to-palm-print Muileann Ching massacre: no charges against man linked to palm print" (en). the Guardian (2017-02-09). Dáta rochtana: 2021-01-05.
  19. Antón Mac Cába (2019). "Neart Gaeilgeoirí tofa ar chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-05.

Naisc sheachtracha cuir in eagar