Tharla an Sléacht Rising Sun ar an 30 Deireadh Fómhair 1993, i nGlas-stiall,[1] Contae Dhoire. Maraíodh ochtar (seisear Caitliceach, beirt Phrotastúnach) nuair a d’ionsaigh beirt ghunnadóirí de chuid an UFF[2][3] an teach tábhairne Rising Sun,[4][5], laethanta th'éis don an IRA deichniúr a mharú i mbuamáil ar bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.[6]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Rising Sun
Map
 55°01′55″N 7°07′20″W / 55.0319°N 7.1222°W / 55.0319; -7.1222
Cineáloll-lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana30 Deireadh Fómhair 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGlas-stiall, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna8 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe13 Cuir in eagar ar Wikidata


Glas-stiall, Contae Dhoire

Cúlra cuir in eagar

Bhí caint ar shíocháin sa bhliain 1993, iarrachtaí ar siúl chun síolta phróiseas na síochána a chothú ach an tráth seo cúig bliana fichead ó shin bhíothas scanraithe gur chogadh cathartha a bhí i ndán. Buille trom do na Sealadaigh ab ea an bhuamáil agus do Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar an mbunaíocht go raibh siad dáiríre agus inmhuiníne faoin tsíocháin.

 
Buamáil na Seanchille, áit a phéasc an buama

Ach tharla Buamáil na Seanchille ar an 23 Deireadh Fómhair 1993, nuair a phléasc buama i siopa ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste. Mharaigh an IRA naonúr de mhuintir na háite, agus gortaíodh 57.[7] Bhí ionsaí buamála an IRA ar shiopa éisc Frizzell ar cheann de na heachtraí ab uafásaí le linn na dTrioblóidí. Chuir buamáil na Seanchille tús le seachtain inar maraíodh triúr is fiche ar fud an tuaiscirt.[8]

Cúpla lá níos déanaí, d’iompair Gerry Adams cónra bhuamadóir na Seanchille, Thomas Begley. Maíodh go raibh sé riachtanach chun na paraimíleataigh a bhreith leis ar bhealach na síochána.

Iarmhairtí cuir in eagar

 
John Hume, 1995

Bhí sé deacair síocháin a shamhlú sna laethanta i ndiaidh an ionsaithe. Ach "bhí comharthaí dóchais ann inn ainneoin tormán an díoltais agus an tseicteachais. Nuair a bhris ar a ghol ar John Hume ag sochraid sa Ghlas-Stiall, d’achainigh gaolta na marbh air treisiú ar a iarrachtaí chun stop a chur leis an ár. Ina theannta sin, shín cuid d’íobartaigh na Seanchille lámh chuig muintir Ghlas-Stéille agus d’fhreastail roinnt ar a sochraidí."[9]

Gabhadh ceathrar ó Chumann Cosanta Uladh (an tUDA), Stephen Irwin, Jeffrey Deeney, Brian McNeill agus Torrens Knigh go gairid ina dhiaidh an ionsaithe. Scaoileadh amach iad ón bpríosún sa bhliain 2000 faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Glas-stiall/Gresteel" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  2. nó an Cumann Cosanta Uladh
  3. Derek Brown (2000-06-20). "Ulster Freedom Fighters - the thugs in hoods" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  4. An tUltach (1 D.F. 2007). "Cothrom an Lae" (83 (10), 23.). 
  5. Ciarán Mac Aonghusa. "Cuairt Stáit: Ag Féacháint Chun Tosaigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  6. "Nuacht a hAon Dé Céadaoin 30 Deireadh Fómhair 2013" (ga). Nuacht a hAon. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  7. "Shankill Road Bombing" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-10-23.
  8. Póilín Ní Chiaráin (2018). "Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-23.
  9. Póilín Ní Chiaráin (2018). "Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-30.

Naisc sheachtracha cuir in eagar