Sleabhcadh imtharraingteach

Réamhinsíonn teoiric na coibhneasachta ginearálta go bhfuaraíonn is go gcrapann réalta nuair a ídíonn an fuinneamh comhleáite núicléach ina croíleacán. Cuireann sé sin isteach ar an gcothromaíocht idir tarraingt isteach na himtharraingthe is brú na ngás sa réalta. Nuair a laghdaíonn ga na réalta faoi bhun luacha chriticiúil (ga Schwarzschild: chomh beag le 3 km don Ghrian, mar shampla), ní féidir an sleabhcadh a chur droim ar ais le haon fhórsa atá ar eolas. Inphléascann an réalta ina dúpholl ansin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sleabhcadh imtharraingteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.