Sliabh faoin muir is ea sliabh aigéanach, 1 km ar a laghad os cionn an ghrinnill mórthimpeall, agus a bharr níos mó ná 200 m faoi dhromchla na mara. Tugtar oitir mara air má bhíonn sé níos éadoimhne. Tá a leithéid i ngach aigéan, ach an chuid is mó díobh san Aigéan Ciúin, níos mó ná 10,000. Meastar gur bolcáin ídithe cuid mhaith díobh. Tá sléibhte mara ann a bhfuil barr cothrománach acu, iarsmaí oileán báite nó oitreacha. Meastar go luíonn an chuid is mó de na hataill coiréil anuas ar shléibhte mara a thug fúthu ó dhromchla na mara trópaicí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sliabh aigéanach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.