Is fine éan ar a dtugtar na snaganna é Certhiidae (Béarla: treecreepers). Áitríonn siad coillte le crainn fhásta is coirt gharbh orthu. Gob fada cuarach aige, agus crúba fada atá oiriúnach chun greim a fháil ar an gcoirt. Itheann sé na feithidí a bhíonn istigh i ngága sa choirt, agus is féidir leis siúl suas an choirt á gcuardach, an t-aon éan in Éirinn ar féidir leis an cleas seo a dhéanamh. Téann sé ar an bhfara, a bholg brúite i log sa choirt is a chrúba greamaithe leis an gcoirt taobh amuigh. Déanann sé a nead i bpoll sa chrann as slaitíní le cleití mar líneáil taobh istigh. Tógann sé dhá ál sa bhliain.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSnag
Certhiidae Cuir in eagar ar Wikidata

Snag Meiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineCerthiidae Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1820

Tá aon speiceas déag ann in dhá ghéineas, Certhia agus Salpornis.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Snag". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.