An difríocht idir athruithe ar: "Féatas"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Suth aon ainmhí a dhéanann leanbh beo clainne a bhreith, de rogha ar ubh. Sa duine, tugtar féatas ar an suth nuair a bhíonn príomhstruchtúir na colainne foirm...'
(No difference)

Leagan ó 15:25, 22 Deireadh Fómhair 2013

Suth aon ainmhí a dhéanann leanbh beo clainne a bhreith, de rogha ar ubh. Sa duine, tugtar féatas ar an suth nuair a bhíonn príomhstruchtúir na colainne foirmthe, timpeall dhá mhí tar éis toirchiú an ubháin ag an speirm, agus as sin go dtí breith an linbh. Tugtar síogót ar an ubh thoirchithe aoncheallach. Ansin deighleann an síogót, ag cruthú a thuilleadh is a thuilleadh ceall, agus tagann le bheith ina chíteaplast, sáite sa bhroinn. Leanann an deighilt ar aghaidh trí chéimeanna an tsutha is an fhéatais go dtí an bhreith.