Casey Kasem

aisteoir Meiriceánach

Ba aisteoir Meiriceánach é Kemal Amin "Casey" Kasem a rugadh ar an 27 Aibreán 1932 in Detroit, Michigan. Fuair sé bás ar 15 Meitheamh 2014. Staraí ceoil, fuirseoir, amhránaí agus pearsa raidió a bhí ann freisin. Grósaeirí a thuismitheoirí agus é ag fás aníos. D'fhreastail sé ar Ollscoil Wayne State.

Infotaula de personaCasey Kasem

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1932
Detroit, Michigan, Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Meitheamh 2014
82 bliana d'aois
Gig Harbor, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisSeipticéime
Áit adhlacthaVestre gravlund (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Wayne
Ardscoil Northwestern
Wayne State University College of Fine, Performing, and Communication Arts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir gutha, ceoltóir, dioscmharcach, aisteoir teilifíse, pearsa raidió, léiritheoir scannáin, iriseoir, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama20ú haois
Tréimhse oibre1954 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJean Kasem (1980–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKerri Kasem, Mike Kasem Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0440487 Allocine: 138926 Rottentomatoes: celebrity/casey_kasem Allmovie: p36992 TCM: 98894 Metacritic: person/casey-kasem TV.com: people/casey-kasem
Musicbrainz: 9dd99129-8069-4528-b10d-5ca0179e42eb Discogs: 449855 Find a Grave: 131434352 Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bhí air a sheirbhís míleata a chur isteach in Arm na Stát Aontaithe sna luath-1950idí, d'oibrigh Kasem mar láithreoir ar Armed Services Radio sa Chóiré. D'oibrigh sé do roinnt stáisiúin raidió i Michigan, California, agus áiteanna eile. Aithnítear é mar gheall ar an nguthú a rinne sé ar pháirt Shaggy sa tsraith Scooby-Doo!. Sa bhliain 2009, d'éirigh sé as an chuid is mó den obair sin mar gheall ar an néaltrú coirpíní Lewy (tinneas atá cosúil le galar Parkinson) a bheith ag éirí go trom air.[1] Ról guthaithe amháin sa bhliain 2010 an obair dheireanach leis, agus é ag déanamh guth athar Shaggy ar an tsraith theilifíse Scooby-Doo! Mystery Incorporated. Chuir cúirt é faoi chúram iníne leis, Kerri Kasem[2]. Is de shliocht Liobánach é agus is de chúlra Drúsach a mhuintir. Bhíodh sé gníomhach in eagraíochtaí Liobánacha agus Arabacha sna Stáit Aontaithe.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Kasem, Julie; Kasem, Kerri; Martin, Troy (2014-05-13). CNN Tonight. Interview with Bill Weir. CNN.
  2. ainm=CNS051214>"Casey Kasem’s daughter named temporary conservator for father". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Bealtaine 2014.