Démhoirfín, díorthach moirfín a saothraíodh ar dtús i 1896. Ceapadh ag an am gur thámhshuanach neamhandúile é. A mhalairt ar fad ab fhíor, rud a fuarthas amach go luath. Úsáidtear é chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine le han-phian i gcúram foirceanta. Ach tá cosc ar a úsáid i gcuid mhaith tíortha, na Stáit Aontaithe ina measc. Baintear mí-úsáid as go forleathan.

WD Bosca Sonraí DrugaHearóin
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtacomhdhúil cheimiceach
Cód ATCN07BC06
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC21H23NO5
Mais mhóilíneach369.158 Da
Leáphointe170 °C
Aitheantóirí
Uimhir CAS561-27-3
PubChem (SID)5462328
IUPHAR/BPS9082
DrugBank01452
ChemSpider4575379
UNII70D95007SX
KEGGD07286
ChEBI27808
ChEMBLCHEMBL459324
ECHA100.008.380

Is druga an-andúileach é hearóin. Forbraíonn an corp acmhainn ar an druga tar éis é a úsáid go rialta, agus faightear amach go tapa go dteastaítear dáileoga níos airde nó níos minice chun na héifeachtaí inmhianaithe a fháil.

De réir mar a mhéadaíonn acmhainn ar an druga, agus nuair a úsáideann duine méid níos mó hearóine, d’fhéadfadh go ndéanfadh sé faillí i gcodanna eile dá shaol, mar shampla a shláinte nó a phost.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Héaróin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 342.