Stíl (planda)

cuid de phlanda

I bplandaí bláthaithe, an chuid uachtarach den chairpéal idir an t-ubhagán is an stiogma. Go minic bíonn sí fadaithe chun an stiogma a nochtadh leis an bpailin a fháil. I mbláthanna buntúsacha bíonn na stíleanna (cosúil leis na cairpéil) scoite den chuid is mó. I mbláthanna níos forbartha bíonn siad cónasctha den chuid is mó. Uaireanta leanann sí tar éis an toirchithe agus cabhraíonn le scaipeadh na síolta, mar a dhéanann stíleanna an chleiméatais, ar dhéanamh cleití, a eitlíonn ar an ngaoth.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Stíl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.