I bplandaí bláthaithe, tugtar stiogma[1][2] ar an gcuid den chairpéal a fhaigheann an phailin. Cabhraíonn táil ghreamaitheacha, dromchlaí roctha nó ribí le bailiú is coimeád na pailine. I bplandaí a bhailíonn an phailin ón ngaoth, bíonn na stiogmaí cleiteach go minic, rud a mhéadaíonn an fhairsinge tadhaill. Iontu siúd a bpailníonn feithidí iad, is minic a bhíonn an stiogma iompartha ar stíleanna fada chun gur féidir leis an phailin a bhailiú ó cholainn na feithide.[3]

Stiogma tiúilipe agus pailin air

Tagairtí cuir in eagar

  1. “stiogma” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-10.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): stiogma” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-10.
  3. Hussey, Matt (2011). "Stiogma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.