Stíl na hImpireachta
Stíl ailtireachta, troscáin, fiú culaithirte a tugadh isteach i gcúirt Napoléon I tar éis dó é féin a ainmniú mar impire na Fraince i 1804. Maisiúchán maisiúil le móitífeanna clasaiceacha, sfioncsanna Éigipteacha, leoin sciathánacha, is dealbha colúin ban. Teilgeadh iad seo i gcré-umha a bhí óraithe nó snoite go críochnúil ar throscán (mar shampla, an chaise longue). Léiríodh an stíl in éadaí sna gúnaí Gréagacha ar airde na gcromán. Bhí stíl choibhéiseach sa Bhreatain, ar tugadh stíl na Leasríochta uirthi.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stíl na hImpireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |