Stair Thuaisceart Éireann

Bunaíodh stát Thuaisceart Éireann sa bhliain 1921 le cosaint a thabhairt do mhionlach Aontachtach in oirthuaisceart na hÉireann. Bhí an Stát a bunaíodh éagórach agus rinneadh leatrom agus ciapadh ar dhaoine go leor ar feadh na mblianta.[1]  

16 Samhain 1932 ː Osclaíodh Stormont

Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921.[2] Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.

Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh. Ba é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.

Bhí Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i bhfeidhm ó 7 Meitheamh 1921 go dtí 30 Márta 1972.

21ú haois

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar