Stiallóga itheacháin
Péire bataí caola a úsáidtear sa chianoirthear chun bia a ithe. Fuarthas taifead orthu sa tSín ón 3ú céad. Bíonn stiallóga Síneacha cruinn neamhbhioraithe de ghnáth. Sa tSeapáin bíonn na stiallóga cearnach agus, le húsáid sa bhaile, péinteáilte le laicear is bioraithe. Cuireann proinntithe stiallóga itheacháin simplí adhmaid i gclúdach páipéir ar fáil do chustaiméirí, agus cartar iad tar éis úsáide amháin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stiallóga itheacháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |