Suella Braverman

polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe

Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Sue-Ellen Cassiana "Suella" Braverman, atá i bhfad amach ar an eite dheis agus is ball í den European Research Group. Rugadh í Sue-Ellen Cassiana Fernandes sa London Borough of Harrow ar an 3 Aibreán 1980.

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Suella Braverman

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Sue-Ellen Cassiana Fernandes
3 Aibreán 1980
43 bliana d'aois
Harrow, England Cuir in eagar ar Wikidata
Rúnaí Baile
25 Deireadh Fómhair 2022 – 13 Samhain 2023 (dismissal (en) Aistrigh)
← Grant ShappsJames Cleverly →
Rúnaí Baile
6 Meán Fómhair 2022 – 19 Deireadh Fómhair 2022 (dismissal (en) Aistrigh)
← Priti PatelGrant Shapps →
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
10 Meán Fómhair 2021 – 6 Meán Fómhair 2022
← Michael Ellis (en) AistrighMichael Ellis (en) Aistrigh →
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
13 Feabhra 2020 – 2 Márta 2021 (saoire mháithreachais)
← Geoffrey Cox (en) AistrighMichael Ellis (en) Aistrigh →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2020 –
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 –


Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte chun an Aontais Eorpaigh
9 Eanáir 2018 – 15 Samhain 2018
← luach ar iarraidh – Kwasi Kwarteng →
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ríocht Aontaithe

27 Samhain 2015 – 23 Samhain 2017
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síQueens' College (en) Aistrigh - dlí
Heathfield School, Pinner (en) Aistrigh
University of Paris 1 Pantheon-Sorbonne (en) Aistrigh - Master of Laws (en) Aistrigh
Coláiste Northwood Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmabhcóide, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Béarla na Breataine

Suíomh gréasáinsuellabraverman.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: SuellaBravermanOfficial Twitter: SuellaBraverman Instagram: suellabraverman Cuir in eagar ar Wikidata
2021
2017

Gairm cuir in eagar

Ceapadh í mar Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige ar an 13 Feabhra 2020 agus d'fhan sí sa phost sin go dtí Meán Fómhair 2022.

Ceapadh Braverman mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine i mí Mheán Fómhair 2022. D'éirigh sí as a post ar 19 Deireadh Fómhair 2022, tar éis di cáipéis oifigiúil a sheoladh óna cuntas pearsanta ríomhphoist seachas ó chuntas rialtais.[1]

Thug Suella Braverman í féin le fios i litir a sheol sí chuig Príomh-Aire na Breataine Liz Truss. Dúirt sí sa litir gur botún a bhí ann, mar sin féin, an cháipéis a sheoladh óna cuntas pearsanta agus dúirt go raibh freagracht as an mbotún sin á glacadh aici. Mhaígh sí go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus atá Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh. Ceist na n-imirceach is mó a bhí ar intinn aici sa mhéid seo, agus í ag iarraidh lucht iarrtha tearmainn a sheoladh chuig Ruanda.

Mhaígh sí "nach féidir linn ligean orainn féin nach ndearnamar botúin agus leanúint orainn ar nós go bhfuil daoine eile dall ar na botúin sin."

Bhí Grant Shapps ceaptha ina Rúnaí Gnóthaí Baile mar chomharba.[1]

Creid nó ná creid, ceapadh Braverman arís mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine ar 25 Deireadh Fómhair 2022. Thug Rishi Sunak bata agus bóthar dí ar 12 Samhain 2023, an dara uair in imeacht 13 mhí a briseadh Braverman as an bpost céanna.[2]

Cúpla lá roimhe sin, d'fhoilsigh sí alt conspóideach ag cáineadh na bpóilíní as bheith claonta faoi agóidí áirithe agus gan an t-alt bheith faofa roimhré ag oifig an Phríomh-Aire. Cuireadh ina leith gur eagraíodh an agóid mhór den eite dheis ag an deireadh seachtaine de bharr an ailt úd.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-10-19). "Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine éirithe as oifig" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-11-13). "Bata agus bóthar do Braverman, Cameron ar ais ag bord an rialtais" (as ga).