Táibléad grafaice

Gaireas lenar féidir gluaisní pinn thar dhromchla ar leith a aistriú ina n-ionchur digiteach i ríomhaire. Soláthraíonn sé seo bealach chun eolas déthoiseach, cosúil le léarscáil nó líníocht, a aistriú i bhfoirm ar féidir le ríomhaire é a léamh. Úsáidtear go forleathan é i bhfeidhmeanna innealtóireachta is deartha.