Tíortha i mbéal forbartha

Is stáit cheannasacha iad tíorthaí i mbéal forbartha le bonn tionsclaíoch nach bhfuil chomh forbartha céanna agus Innéacs Forbartha Daonna (HDI) níos ísle i gcoibhneas le tíortha eile.

Na tíortha i mbéal forbartha (dearg agus oráiste), geilleagar idirlinne (gorm) agus tíortha fhorbartha (liathchorcra)

Tá a lán fadhbanna le sárú ag na tíortha beagfhorbartha. Tá bochtanas mar thréith iontu chomh maith le cothú, sláinte is litearthacht ar chaighdeáin ísle, agus tionscal, iompar is cumarsáid neamhfhorbartha.

Is tíortha ilghnéitheach iad, agus tá riachtanais éagsúla acuː

  • Tráchtearraí. Tá tíortha ina measc a tháirgeann ola, nó tráchtearraí eile, a bhfuil meánioncam ard acu uaireanta, ach b'fhéidir, gan tionscaIl agus tráchtáil, ag easpórtáil earraí talmhaíochta is mianraí. Tráchtearra is mó a onnmhairíonn siad. Mar shampla, an Araib Shádach.
  • Geilleagar idirlinne. Tá tíortha ina bhfuil an earnáil thionsclaíoch ag fás is ag forbairt go tapa, ag teacht chun leibhéal na dtíortha forbartha nó á sárú. Mar shampla, Vítneam.
  • Bochtanas. Tá na tíortha is maille san Afraic fíorbhocht fós, agus uaireanta buaileann gorta iad, ainriail pholaitiúil, is cogaíocht mharfach. Mar shampla, an Afganastáin.
  • Méadú ar dhaonra.  Fás gan stad an daonra
  • Méadú san fhiachas náisiúnta. Uaireanta tá fiacha ag cur laincisí ar thíortha an tríú domhan. Mar shampla, An Airgintín.
síorfhás an daonra sna tíortha bheagfhorbartha

Beart a d’fhéadfadh rialtais na dtíortha beagfhorbartha a dhéanamh chun fadhbanna a réiteachː

cuir in eagar
  • Cobhsaíocht pholaitíochta
  • Leasú struchtúrach
  • Infheistíocht a mhealladh
  • Oideachas.

Gníomhaireacht chabhrach

cuir in eagar
  • Is é an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF)[1] príomhionstraim an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cúnamh forbraíochta a chur ar fáil do na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus do chríocha thar lear faoi Chomhaontú Cotonou. Tugtar tús áite do na tíortha is mó gátar, go háirithe na tíortha beagfhorbartha, tíortha ísealioncaim agus tíortha a bhfuil géarchéim iontu, tíortha iar-ghéarchéime, cásanna leochaileacha agus soghonta sa phróiseas leithdháilte acmhainní.
  • An Banc Eorpach Infheistíochta