Túsphointe an Reithe
An pointe nialais sa chóras neamhaí comhordanáidí, a shainmhínítear mar phointe trasnaithe an mheánchiorcail neamhaí is an éicliptigh, nó an cónocht earrachúil. Nuair a bhain an réalteolaí Gréagach Hipparchos feidhm as an gcoincheap in allód bhí an pointe seo i mbraisle an Reithe sa spéir thuaidh, ach le luainíocht na gcónocht idir sin is an lá inniu, tá sé i mbraisle na nIasc in aice láimhe anois.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Túsphointe an Reithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 684.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |